Maol guala gan bhráthair, a Sheáin, agus is maith an chomhluadar do Gh-L
(agus do W-L, do Gh...., srl.) Gaeilge-A! Bailíonn brobh beart, agus ní
neart go cur le chéile. (Baidhd Deaid, d'fhéadfá comhrá fad a bheith agat,
gan dul lasmuigh de théacsanna seanfhocal.) Treise libh, a Vincent, et al.
mg
>Nuair a cruthaíodh an liosta seo, níor chláraigh mé toisc gur shil mé
>go raibh mo dhóthain liostaí agam cheana fhéin agus nach gcaillfinn
>mórán agus mé i mo bhall de Ghaelic-L.
>
>Bhuel, th'éis sracfhéachaint ar chartlann Gaeilge-A caithfidh mé a rá
>nach raibh an ceart agam. Tá an cuma air go bhfuil an liosta seo
>chomh suimiúil céanna le Gaeilic-L agus b'fhéidir (i bhfad uainn an
>eiriceacht!) cuid mhaith níos anamúla. Féach ar na horgasms,
>gasolio, baisleaca/basailiscí paisley, srl. atá agaibh anseo! Agus
>bíonn dhá oiread Vincent Morelys (ar an laghad) anseo ná a bhíonns ar
>an liosta úd!
>
>`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~
> S e á n Ó S é a g h d h a [log in to unmask]
>
>Giorraíonn beirt bóthar. Seanfhocal.
--
Marion Gunn <[log in to unmask]>
|