CACAMAS atá in ISO 639-2 faoi láthair, a Vincent! Ní ceadmhach tagairt a
dhéanamh dó, mar "chaighdeán" go fóill, go dtí go gceartófar na botúin ann,
a d'eascair as nós cuma liom Library of Congress Mheiriceá. (Mar shampla,
féach nach "Scottish Gaelic", ach "Scittish Gaelic" a luaitear sa leagan
idirlín (http://lcweb.loc.gov/standards/iso639-2/englangn.html)!
mg
Ar 16:46 +0100 2000-06-10, scríobh Vincent Morley:
>Scríobh Seán Ó Séaghdha:
>
>>Rinne mé comhad REG chun Gaeilge agus Gàidhlig a chlárú le Windows
>>agus seolfaidh mé chuig an liosta seo agus chuig Gaelic-L i
>>dteachtaireacht ar leith.
>
>
>Smaoineamh maith a Sheáin, ach cá bhfuairis an téarma sin
>agat "Gaelic, Irish"?
>
>Is é "Irish" ainm Béarla na teanga seo ina bhfuilim ag scríobh
>ó thaobh na staire de (go deimhin, is é "Irish" a bhí in úsáid
>in Albain féin anuas go dtí an dara leath den 18ú haois), ó
>thaobh úsáid an phobail de (fág leithéidí Fintan O'Toole agus
>Kevin Myers as an áireamh), agus ó thaobh an dlí de (féach
>airteagal 8.1 den leagan Béarla de Bhunreacht na hÉireann.
>Is é a aithnítear go hidirnáisiúnta freisin - féach an liosta de
>theangacha a chuir an International Standards Organisation
>le chéile (ISO 639-2), liosta a bhfuil "Irish" (cód = GA) agus
>"Gaelic (Scots)" (cód = GD) araon luaite air, ach nach bhfuil
>tagairt ar bith don "Gaelic, Irish" le fáil air.
>
>Vincent Morley
--
Marion Gunn <[log in to unmask]>
|