scríobh Vincent Morley :
> Scríobh Séamas ó Scolaí:
>
> >Ní féidir a mhaíomh gur 'sainmhíniú' é sin. Níl ann ach chuid thánaisteach
> >de mhíniú. An é nach bhfaca sé 1a.
>
> Sin ráiteas rí-aisteach go deo. Sraith sainmhínithe atá ag
> Webster. Níl a dhath i sainmhíniú 1a nach raibh ráite agatsa
> romham ach is ábhar nua a bhí i sainmhíniú 1b. Luas é mar
> fhreagra ar an tuairim agat gurb í an ghoirme "an rud is
> tábhachtaí" faoin "blueprint".
>
> Tar éis dom gach foclóir Béarla sa bhaile agus i m'áit oibre
> a cheadú le cúpla lá anuas, braithim gur saineolaí mé ar
> réimse céille an fhocail "blueprint" anois. Déanaim amach
> gur ceithre chiall ar leith atá leis:
>
>
<<snip>>
Dearfhainn gur athchoimre mhaith é seo.
Ach, ag teacht thar nais chuig foinse an tsnáth seo,:
Ní bheinn sásta da mba rud é go nduirt Lá
"Leantar bunphlean Doire" in áit cló gorm, mar braithim gurbh an rúd céanna atá
i gceist, i. aithris ar chliché Bearla.
Braithim go mbeadh ceannlíne ar nós "Leantar sampla Doire" níos nadúrtha.
Maidir leis an méid a dúirt Séamas maidir le masla 7rl., is dóigh liom fhéin
nach masla a bhí i gceist, ach go bhfuil claonadh ag daoine airithe, Vincent
ina measc,
rudaí a scríobh a aithneofaí mar ghreann da mbá ag labhairt leis a bhí tú, ach
gur deacair a dhéanamh amach an bhfuil sé iomlán dairíre faoi nuair a
scríobhann sé.
Agus is aithris ar dán eile a bhí san "Whereas" aige.
Tá fonn orm an caipín dubh a thabhairt chugam agus breith a thabhairt, ach is
docha nach bhfuil an coiste sa chúirt fós.
Is mise
Aonghus
|