Scríobh Séamas ó Scolaí:
>Ní féidir a mhaíomh gur 'sainmhíniú' é sin. Níl ann ach chuid thánaisteach
>de mhíniú. An é nach bhfaca sé 1a.
Sin ráiteas rí-aisteach go deo. Sraith sainmhínithe atá ag
Webster. Níl a dhath i sainmhíniú 1a nach raibh ráite agatsa
romham ach is ábhar nua a bhí i sainmhíniú 1b. Luas é mar
fhreagra ar an tuairim agat gurb í an ghoirme "an rud is
tábhachtaí" faoin "blueprint".
Tar éis dom gach foclóir Béarla sa bhaile agus i m'áit oibre
a cheadú le cúpla lá anuas, braithim gur saineolaí mé ar
réimse céille an fhocail "blueprint" anois. Déanaim amach
gur ceithre chiall ar leith atá leis:
1. An chiall chúng theicniúil: .i. cóip fhótagrafach ghorm.
("a photographic print in white on a bright blue ground"
etc.) Sin bunchiall an fhocail gan amhras, agus sin an
t-aon sainmhíniú atá Séamas ó Scolaí sásta a aithint
de réir dealraimh, cé go bhfuil cialla níos leithne aige le
fada.
2. An chiall leathan theicniúil: .i. cóip fhótagrafach i ndath
ar bith ("a photographic print ... in white and black or
other colour") - seo sainmhíniú 1b ag Webster agus tá
sé lán chomh bailí le sainmhíniú 1a aige, cé gur dócha
nach bhfuil chomh sean leis.
3. An chiall chúng mheafarach: .i. dearadh mionchruinn de
shaghas ar bith ("a pattern, model or prototype") - seo
sainmhíniu 1a sa Chamber's 21st Century Dictionary.
4. An chiall leathan mheafarach: .i. plean mionchruinn
nach gá gur íomhá é in aon chor ("a detailed original
plan of work to be done to develop an idea, project, or
scheme") - seo sainmhíniu 1b sa Chamber's 21st
Century Dictionary. Seo freisin an chiall a bhí i gceist
san alt i "Lá" a spreag an díospóireacht seo.
Ní gá go mbeadh an téarma céanna in úsáid sa Ghaeilge le
haghaidh gach ceann de na cialla thuas. Go deimhin, dá
nglacfaí leis an gcur chuige sin - .i. an focal céanna Gaeilge
a úsáid le haghaidh gach ciall d'fhocal áirithe Béarla, ní
teanga a bheadh sa Ghaeilge tar éis tamaill ach córas
códála.
Is iad na haistriúcháin a mholfainn féin ag an bpointe seo
ná iad seo a leanas:
1. Don chiall chúng theicniúil: "gormchló", ós rud é gur
dath gorm a bhíonn ar na "blueprints" seo.
2. Don chiall leathan theicniúil: "bunchló", ós rud é gur
féidir dath ar bith a bheith ar na "blueprints" seo.
3. Don chiall chúng mheafarach: "bunchló" - ós rud é go
dtugann "-cló" le fios gur fíor de shaghas éigin a bhíonn
i gceist leis na "blueprints" seo.
4. Don chiall leathan mheafarach: "bunphlean", toisc gur
téarma breá leathan é "plean" a chuimsíonn téacs, nó
smaoineamh, nó réamhshampla de shaghas ar bith.
Glacaim leis gurb é an chiall atá le "bun-" sna téarmaí
"bunchló" agus "bunphlean" ná "basic, primary,
elementary" seachas "ground". Mar a luadh cheana, tá
"bonnchló" ann leis an gciall dheireannach a chur in iúl.
Vincent Morley
|