Scríobh Seán Ó Seaghdha:
>Fuair mé "Gaelic, Irish" agus "Gaelic, Scots" ó liosta neamhoifigiúil
>Microsoft. Tá an cuma air go bhfuil siad ag déanamh gur teanga
>amháin í an "Gaelic" atá dhá labhairt in dhá "localities".
Cuireann an t-eolas sin idir uafás agus dhéistin orm: tá Bill
Gates agus a chuid giollaí aimsire ag iarraidh a chur ina luí
ar an domhan mór nach bhfuil sa Ghaeilge ach canúint! Cé
a chreidfeadh é? Ach cá bhfuil an liosta seo le fáil a Sheáin?
An féidir teacht air ar an ngréasán mar shampla?
Vincent Morley
|