Scríobh Tony:
>Mar is léir ó thúin na litreach thuas, táim beagainín buartha nach
ndeachais i dteangbháil liomsa roimh ré, dá mba rud é go raibh rud éigin
cearr leis na teachaireachtaíibh a chuirim ar an líosta, i leapain a churtha
i n-iúl do chuile dhuine gur mise a bhí thíos le praiseach a chur 'na malaí
litreach, rud nach ndéanfainn go toilteanach.
Ní dúras aon rud den sórt Tony agus níl a fhios agam cad
is cúis leis na deacrachtaí a luaigh Brian Ó Broin. Ní tusa
an t-aon bhall a úsáideann HTML, ach is tusa an t-aon bhall
nárbh fhéidir liom a chuid teachtaireachtaí a léamh le tamall
anuas agus sin an fáth gur luas d'ainm.
Vincent Morley
|