Scríobh Uinsionn:-
bhí tú ar fheabhas - idir cheol agus chaint.
Deir Annraoi:-
Sonas ort, a chara. Tusa an tríú duine a d'éist leis an chlár - seachas mé
féin, ar ndóigh. Agus caithfidh mé a admháil nach bhfuil tú ag innse bréag
!! :-)))
Leanann Uinsionn ar aghaidh:-
Ach ceist
agam ort a Annraoi: cad a tharlóidh má thoghtar cathaoirleach
ar an Comhthionól a bhfuil Gaeilge aige? An gcaillfidh tú do
phost nó an amhlaidh go leanfaidh tú ort ag fáil pá is gan aon
rud le déanamh agat?
Freagraíonn Annraoi:-
1. Tionól atá ann, chan Comhthionól.
2. Seans dá laghad go mbéidh Gaeilgeoir sa tsuíochán sin.
3. Gheobhaidh mé post mar ambasadóir na Sé Condae i Madrid na Spáinne.
Annraoi
|