--- Aonghus O hAlmhain <[log in to unmask]>
a écrit : > scríobh Tomás O Murchu:
>
> > Dála an scéil tá mise glan in aghaidh
> Gaelscoileanna cé, nó b'fhéidir
> > ,toisc go bhfuil, gach Gaelscoil a bhfuil taithí
> agam air ar fheabhas.
> >
> > Tá an rialtas anseo sa deisceart ,dar liom ag
> cabhrú le Gaelscoileanna agus
> > ansin ag déanamh faillí ar an nGaeilge ins na
> scoileanna eile. Is cuma le
> > Gaeilgeoirí ansin fad is atá Gaelscoileanna ann
> chun freastal ar a gcuid
> > riachtanaisí. So there.
>
> Ní dóigh liom é. Bhunaidh tuismitheoirí an chuid is
> mó des na Gaelscoileanna
> toisc nach raibh an Stát ag cabhrú leo. Go bhfios
> dom, ní fhaigheann
> Gaelscoileanna aon cabhair sa bhreis ar an meíd atá
> ag dul do ghnáth scoil naisúnta.
> Iarla, cad é an fhirinne anseo?
>
> Aonghus
Ní bheinn ábalta figiúirí cruinne a thabhairt i
láthair na huaire (caithfidh mé aird a thabhairt ar
roinnt dualgaisí eile inniu), ach is fíor go n-íocadh
an stát níos mó de chostaisí gaelscoile go dtí le
gairid, ar an mbonn nach raibh tacaíocht ná maoiniú
pharóiste ar fáil do scoileanna a bhí lasmuigh de
chóras na bparóistí. Is beag difear atá ann anois mar
go bhfuil céatadán i bhfad níos airde de na costaisí á
n-íoc ag an stát anois do gach scoil.
Ní chúitíonn an beagán breise airgid agus foirne atá
ag na gaelscoileanna na heasnaimh ollmhóra atá sa
chóras. Má theastaíonn ábhar agus acmhuinní teagaisc ó
scoil Bhéarla tá raidhse le fáil, ach bíonn ar na
múinteoirí agus ar na daltaí sa ghaelscoil a bheith
sásta le cibé conamar beag a chuireann an Gúm agus
cúpla foilsitheoir eile ar fáil. Aistriúcháin a bhíonn
san ábhar sin de ghnáth agus an teanga neamhoiriúnach
do na leanaí. Tá córas tacaíochta geallta agus ar nós
an chapaill caithfidh muid maireachtáil go dtí go
bhfaighimid an féar.
Iarla
__________________________________________________
Do You Yahoo!?
Send instant messages & get email alerts with Yahoo! Messenger.
http://im.yahoo.com/
|