>
Scríobh Vincent Morley:
>
> Tá an tuairim go gcaithfidh 'blueprint' bheith gorm cosúil leis an
> tuairim go gcaithfidh na soilse i 'red-light district' bheith dearg;
> nó go gcaithfidh bónaí na 'white-collar workers' bheith bán; nó go
> gcaithfidh an páipéar ar a gclóbhuailtear an 'yellow press' bheith
> buí; nó go gcaithfidh 'black box' na n-eitleán bheith dubh; nó go
> gcaithfidh 'green card' na bPoncán bheith uaine. Cibé bunús a
> bhíodh leis na tuairimí sin tráth, ní féidir brath orthu sa lá atá inniu
> ann.
Is aisteach liom nár chuimhnigh sé ar 'red herring' freisin ós é is deise á
láimhseáil:
> Seo sainmhíniú a thugtar ar 'blueprint' sa Webster's New
> International Dictionary (is liomsa an bhéim):
> 1b: a photographic print (as of a map, mechanical drawing or
> architect's plans) in white and *black* or other colour (as a
> vandyke).
> Is ar éigin gur gá dom a mheabhrú do bhaill eolacha an liosta
> seo gurb iad bán agus *donn* na dathhanna a bhíonn ar an
> 'vandyke'.
Ní féidir a mhaíomh gur 'sainmhíniú' é sin. Níl ann ach chuid thánaisteach
de mhíniú. An é nach bhfaca sé 1a.
Seo a leanas an phríomhchiall a thugann Webster's Third New International
Dictionary (Unabridged)
1a: a photographic print in white on a bright blue ground made usu. on
paper or cloth sensitised with potassium ferricyanide and a ferric salt,
developed after exposure in fresh water, and used esp. for copying maps,
mechanical drawings, and architects' plans---called also cyanotype.
Sé an fáth a dtugtar vandyke ar an bpróiséas gur línte trédhearcach (agus ní
bán) ar chúlra donn a bhíonn ann.
> Ní bhactar le dath ar bith a lua sa sainmhíniú seo ón Chambers
> 21st Century Dictionary:
> 1a. a pattern, model or prototype.
> Ná sa sainmhíniú seo ón Oxford English Reference Dictionary:
> 2. a detailed plan, esp. in the early stages of a project or idea.
>
> Vincent Morley
Cén mhaith bheith ag iarraidh rud a phlé ar an liosta seo?
Nuair a chuir mise tús leis an bplé seo bhí súil agam gur plé oscailte,
sibhialta, macánta a bheadh ann. Bhí breall orm. Ní bhfuair mé romham ach
maslaithe agus camastaíl.
Séamas Ó Scolaí
|