----- Original Message -----
From: "Vincent Morley" <[log in to unmask]>
To: <[log in to unmask]>
Sent: Saturday, June 10, 2000 2:15 PM
Subject: Re: Clo Aisteach ar Gaeilge-A
> Scríobh Tony:
>
> >(Anois, a Úinsean, a stóir, an bhfuil sin ceart go leor, nó an bhfuil mé
> fós
> >i dtigh na madradh?)
>
>
>
> Níl a fhios agam cé hí an Úinsean a bhfuil tú chomh mór sin
> léi - agus táim measartha cinnte nach bhfuil éinne den ainm
> sin páirteach sa liosta seo faoi láthair - ach bhí mise in ann
> an teachtaireacht thuas a léamh gan stró.
>
> Vincent Morley
Túsa a bhí i gcéist agam a Vincent. Úinsean fuirm ghaelach Vincent más ceart mo chuimhne. Ach ardaíonn sé céist a bhí pléite againn roinnt mhíosa ó shin, má labhrann tú Gaeilge, an cóir fuirm ghaelach t'ainm d'úsáid, nó an mb'fheirrde thú cloí leis an mbúnleagan, bíodh sin i mBéarla nó i nGaeilge. Is ar éigin is féidir liom an leagan gaelach dom ainm féin d'fhuaiminú i gceart, agus má iarrann aoinne m'ainm is mo shloinne do thabhairt do, thiúbhrainn an leagan béarla do. Rugadh agus tógadh leis an dteangain úd mé, arae tugann roinnt dom chairdibh "A WestBrit who speaks Irish" orm!
Maidir le bheith "comh mór leí", ní cóir dhuit aon fho-bhrí dá laghad a bhaint as "a stóir" mar úsáidimse féin é. Gnáth-chuid dom chaint, bíodh sin i mBéarla nó i nGaeilge, í. Sé mo thuairim féin nach mbíonn lucht labhartha na Gaeilge leath comh fionnuar ná comh neamh-mhothaíoch is a bhíos na Gaill, úsáideann muid tearmaí agus comhartha ceana le chéile a mbéadh cuma ain-chlaonadh orthu dá mbaintí leas astu i mBéarla. Ag caint i dtaoibh mhuintear ÍarChonnachta atáim, a bhfuair mé a bhfuil don teangain agam uathu.
Ach uaidh seo amach, tiúbhradsa fuirm cheart t'ainmse ort, agus gabhaim pardún ort as gan a dhéanamh. Mar fhocal scoir, ainm fir, agus fuirm fhireann air Úinsean. Ní thuigim tuige a cheapas tú gur bhean a bhí i gcéist agam, ach b'fhéidir gur chóir dhom dul ar thoir na leabhar ngramadadh anois, lena bhfuil d'aineolas orm 'na taoibh a chur chun cruinnis.
Mar is léir ó thúin na litreach thuas, táim beagainín buartha nach ndeachais i dteangbháil liomsa roimh ré, dá mba rud é go raibh rud éigin cearr leis na teachaireachtaíibh a chuirim ar an líosta, i leapain a churtha i n-iúl do chuile dhuine gur mise a bhí thíos le praiseach a chur 'na malaí litreach, rud nach ndéanfainn go toilteanach.
|