Ar 10 Jun 2000, ag 16:46 scríobh Vincent Morley
fán ábhar "Ceartaitheoir Litrithe":
> Scríobh Seán Ó Séaghdha:
>
> >Rinne mé comhad REG chun Gaeilge agus Gàidhlig a chlárú le Windows
> >agus seolfaidh mé chuig an liosta seo agus chuig Gaelic-L i
> >dteachtaireacht ar leith.
>
> Smaoineamh maith a Sheáin, ach cá bhfuairis an téarma sin
> agat "Gaelic, Irish"?
>
> Is é "Irish" ainm Béarla na teanga seo ina bhfuilim ag scríobh
> ó thaobh na staire de (go deimhin, is é "Irish" a bhí in úsáid
> in Albain féin anuas go dtí an dara leath den 18ú haois), ó
> thaobh úsáid an phobail de (fág leithéidí Fintan O'Toole agus
> Kevin Myers as an áireamh), agus ó thaobh an dlí de (féach
> airteagal 8.1 den leagan Béarla de Bhunreacht na hÉireann.
> Is é a aithnítear go hidirnáisiúnta freisin - féach an liosta de
> theangacha a chuir an International Standards Organisation
> le chéile (ISO 639-2), liosta a bhfuil "Irish" (cód = GA) agus
> "Gaelic (Scots)" (cód = GD) araon luaite air, ach nach bhfuil
> tagairt ar bith don "Gaelic, Irish" le fáil air.
Fuair mé "Gaelic, Irish" agus "Gaelic, Scots" ó liosta neamhoifigiúil
Microsoft. Tá an cuma air go bhfuil siad ag déanamh gur teanga
amháin í an "Gaelic" atá dhá labhairt in dhá "localities". Is dócha
go n-aontódh Brian MacLaughlin (agus an dream pan-Ghaelach) leo.
Leis an bhfírinne a rá, ba cheart dom an rud céanna ("Gaelic, Irish")
a chur isteach sa "value" NameIntl (an t-ainm i dteanga an chórais),
ach níl Windows Gaelach le fáil (ó Microsoft ar aon nós) agus
b'fhearr liom "Gaeilge" agus "Gàidhlig" a fheiceáil.
Ní fiú códanna ISO a lua sa gcomhthéacs seo - níor airigh MS go raibh
a leithéid ann sol má airigh siad go raibh an Idirlíon ann. Cuireann
sé iontas orm fós cé chomh caighdeánach atá Internet Explorer anois i
gcomparáid le Netscape. Ní dhéanaidís a leithéid ar an seansaol breá
- an tráth úd, scríobhaidís a gcaighdeáin fhéin agus bhrúidís ar
'chuile dhuine iad. Tagann na LIDs ó na laethanta sin.
Dála an scéil: dearfóir nó ceartaitheoir? Is fearr liomsa dearfóir.
`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~
S e á n Ó S é a g h d h a [log in to unmask]
_______________ ,~^~`
Ce .sig n'est pas une cig |___|___________||~~¦
|