Nuair a cruthaíodh an liosta seo, níor chláraigh mé toisc gur shil mé
go raibh mo dhóthain liostaí agam cheana fhéin agus nach gcaillfinn
mórán agus mé i mo bhall de Ghaelic-L.
Bhuel, th'éis sracfhéachaint ar chartlann Gaeilge-A caithfidh mé a rá
nach raibh an ceart agam. Tá an cuma air go bhfuil an liosta seo
chomh suimiúil céanna le Gaeilic-L agus b'fhéidir (i bhfad uainn an
eiriceacht!) cuid mhaith níos anamúla. Féach ar na horgasms,
gasolio, baisleaca/basailiscí paisley, srl. atá agaibh anseo! Agus
bíonn dhá oiread Vincent Morelys (ar an laghad) anseo ná a bhíonns ar
an liosta úd!
`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~
S e á n Ó S é a g h d h a [log in to unmask]
Giorraíonn beirt bóthar. Seanfhocal.
|