Scríobh Seán Ó Séaghdha:
>Rinne mé comhad REG chun Gaeilge agus Gàidhlig a chlárú le Windows
>agus seolfaidh mé chuig an liosta seo agus chuig Gaelic-L i
>dteachtaireacht ar leith.
Smaoineamh maith a Sheáin, ach cá bhfuairis an téarma sin
agat "Gaelic, Irish"?
Is é "Irish" ainm Béarla na teanga seo ina bhfuilim ag scríobh
ó thaobh na staire de (go deimhin, is é "Irish" a bhí in úsáid
in Albain féin anuas go dtí an dara leath den 18ú haois), ó
thaobh úsáid an phobail de (fág leithéidí Fintan O'Toole agus
Kevin Myers as an áireamh), agus ó thaobh an dlí de (féach
airteagal 8.1 den leagan Béarla de Bhunreacht na hÉireann.
Is é a aithnítear go hidirnáisiúnta freisin - féach an liosta de
theangacha a chuir an International Standards Organisation
le chéile (ISO 639-2), liosta a bhfuil "Irish" (cód = GA) agus
"Gaelic (Scots)" (cód = GD) araon luaite air, ach nach bhfuil
tagairt ar bith don "Gaelic, Irish" le fáil air.
Vincent Morley
|