Scríobh Tony:
>Ós rud é gur luadh m'ainmse i dtaoibh teachtaireachtaí do-léite a chur ar
an
>líosta (iad bheith do-léite ó thaoibh na litreach a h-úsáidtear iontu
>seachas aon chúis eile), bhéinn buíoch daoibh ach a rá an bhfuil fadhb ar
>bith ag aoinne dhíbh an mhéid seo a leamh, maidir leis na síntíbh fadaí mar
>is cóir. Táim lán tsásta cloí le teacs lom, in áit na rudaí galanta déanta
>as HTML a sheolaim de ghnáth.
>
>(Anois, a Úinsean, a stóir, an bhfuil sin ceart go leor, nó an bhfuil mé
fós
>i dtigh na madradh?)
Níl a fhios agam cé hí an Úinsean a bhfuil tú chomh mór sin
léi - agus táim measartha cinnte nach bhfuil éinne den ainm
sin páirteach sa liosta seo faoi láthair - ach bhí mise in ann
an teachtaireacht thuas a léamh gan stró.
Vincent Morley
|