Istigh leis an dteachtaireacht seo gheobhaidh tú comhad REG (Windows
Registry Entries file) a chuirfidh ar chumas Windows (bhuel
ríomhchláir Office ar aon chaoi) Gaeilge agus Gàidhlig a
aithneachtáil mar theangacha.
Mara bhfuil ríomhchláir agat a bhaineann úsáid as na huirlisí
profuithe (uirlisí dearbhuithe? proofing tools) ó Microsoft, ní dóigh
go ndéanfaidh an comhad seo tada dhuit. Tá na hathruithe don
Registry (clárlann?) simplí ar fad, agus ní chreidim gur féidir
damáiste a dhéanamh leis an gcomhad seo, ACH ní bheidh mé freagrach
as. 'Sé do rogha-sa an comhad a úsáid nó é a chur sa mbruscar.
Treoir
------
1. Sábháil an iatán "gaeilge.reg" i bhfillteán eicínt ar do dhiosca
crua.
2. Cuardaigh an comhad i Windows Explorer.
3. Gliogáil faoi dhó ar an gcomhad chun an eolas a chlárú.
Gheobhaidh tú "Gaeilge" agus "Gàidhlig" anois ar an liosta teangacha
i ríomhchláir Office.
Má tá fonn ort an comhad a léamh roimh a chur i bhfeidhm, gliogáil ar
an gcomhad leis an cnaipe deas agus roghnaigh "Edit" ar an roghachlár.
`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~
S e á n Ó S é a g h d h a [log in to unmask]
Is buan neach ina áit dhúchais. Seanfhocal.
REGEDIT4
[HKEY_LOCAL_MACHINE\SOFTWARE\Microsoft\Shared Tools\Proofing Tools\Language]
[HKEY_LOCAL_MACHINE\SOFTWARE\Microsoft\Shared Tools\Proofing Tools\Language\1084]
"Name"="Gaelic, Scots"
"NameIntl"="Gàidhlig"
[HKEY_LOCAL_MACHINE\SOFTWARE\Microsoft\Shared Tools\Proofing Tools\Language\2081]
"Name"="Gaelic, Irish"
"NameIntl"="Gaeilge"
|