Ar 21 May 2000, ag 10:51 scríobh Ciarán ÓBréartúin
fán ábhar "Re: Ceartaitheoir Litrithe":
> Léigh mé i bhFoinse na seachtaine seo chaite go bhfuil litreoir leictreoir
> ar tí a fhoilsithe go luath... Dar leis an alt, táthar ag plé na ceiste la
> Microsoft faoi láthair ionas go n-aithnófaí Gaeilge inti fein... Tá sá in
> am a leithéid a bheith ann.
Hurá! Faoi dheireadh! Rinne mé beagán taighde ar an gceist seo
cúpla bliain ó shin agus ag an am sin ní raibh ach LID (Language ID)
"neamh-oifigiúil" ann don Ghaeilge (cé go raibh ceann oifigiúil ann
don Ghàidhlig). Caithfear gach teanga bheith "cláraithe" leis an
gcóras oibriúchán faoina LID, sula bhfeicfidh tú é ar an liosta
teangacha i MS Word srl. Nuair atá sí cláraithe is féidir téacs a
"mharcáil" mar téacs i nGaeilge, cuardach a dhéanadh le haghaidh
téacs i nGaeilge, stíleanna "Gaelacha" a chruthú agus (nuair atá
dearfóir litrithe ar an bhfód) litriú a dhearbhú.
Rinne mé comhad REG chun Gaeilge agus Gàidhlig a chlárú le Windows
agus seolfaidh mé chuig an liosta seo agus chuig Gaelic-L i
dteachtaireacht ar leith.
> At 16:33 20/05/00 -0400, you wrote:
> >Tá Spellcheck agam ar mo MSWord agus le tamall anois tá mé ag bailiú
> >cnuasach focal Gaeilge im fhoclóir pearsanta ar an ríomhaire. Ar ndóigh tá
> >deacrachtaí faoi le ag baint le feachtas mar seo i gcás na Gaeilge toisc go
> >mbraitheann litriú focail, go minic, ar an bhfocal roimhe (máthair > mo
> >mháthair; a mháthair; a máthair etc.) Bhfuil eolas ag éinne faoi
> >chearthatheoir litrithe don Ghaeilge?
> >
> >Seán
>
`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~
S e á n Ó S é a g h d h a [log in to unmask]
Ní traochta go huaigneas. Seanfhocal.
|