(Goile = Gabh i leith) a bhí i gceist agam, cé go bhfuil sé an-chosúil le
"goitse". Tá sé AN-choitianta san iarthar. Cloistear go minic ar Raidio na
Gaeltachta agus ar TG4 é.
Agus nach 'in é an rud is measa! Is léir go bhfuil daoine sna cathracha
(don chuid is mó), Gaeilge ar a dtoil acu, nach dtuigeann Gaeilge na
Gaeltachta agus, ar ndóigh, daoine sna Gaeltachtaí, Gaeilge ar a dtoil acu,
nach dtuigeann Gaeilge na Cathrach! Dúradh liom tráth go bhfuil dhá theanga
ann, rud nár chreid mé, ach diaidh ar ndiaidh táim ag teacht leo. Agus ní
difríochtaí beaga foghraíochta atá againn, ach difríochtaí móra cosúil le
comhréir, nathanna cainte agus stórfhocal.
[osna] Tá an mála eas oscailte agaim anois...
Brian Ó Broin
UIUC, Illinois
|