Scríobh Séamas ó Scolaí:
>Is éard is 'blueprint' ann cóip fhótaghrafach de líníocht nó de chló,
>scríbhneoireacht, srl -- tá cúpla céad gormchló agam nach bhfuil iontu ach
>focail agus téarmaí Gaeilge. An rud is tábhachtaí faoi go dtaispeáintear na
>línte, srl i mbán ar chulra gorm. Tugtaí Cyanotype air freisin.
Innealltóirí
>is mó a d'úsáid blueprints; b'fhearr le hailtirí dyelines mar gur donnrua
nó
>dubhghorm a bhíodh na línte agus gur bán nó liathbhán a bhíodh an cúlra
>iontu.
Tá an tuairim go gcaithfidh 'blueprint' bheith gorm cosúil leis an
tuairim go gcaithfidh na soilse i 'red-light district' bheith dearg;
nó go gcaithfidh bónaí na 'white-collar workers' bheith bán; nó go
gcaithfidh an páipéar ar a gclóbhuailtear an 'yellow press' bheith
buí; nó go gcaithfidh 'black box' na n-eitleán bheith dubh; nó go
gcaithfidh 'green card' na bPoncán bheith uaine. Cibé bunús a
bhíodh leis na tuairimí sin tráth, ní féidir brath orthu sa lá atá inniu
ann.
Seo sainmhíniú a thugtar ar 'blueprint' sa Webster's New
International Dictionary (is liomsa an bhéim):
1b: a photographic print (as of a map, mechanical drawing or
architect's plans) in white and *black* or other colour (as a
vandyke).
Is ar éigin gur gá dom a mheabhrú do bhaill eolacha an liosta
seo gurb iad bán agus *donn* na dathhanna a bhíonn ar an
'vandyke'.
Ní bhactar le dath ar bith a lua sa sainmhíniú seo ón Chambers
21st Century Dictionary:
1a. a pattern, model or prototype.
Ná sa sainmhíniú seo ón Oxford English Reference Dictionary:
2. a detailed plan, esp. in the early stages of a project or idea.
Vincent Morley
|