Ceapaim go gcaithfidh tú a thabhairt faoi deara comh maith, go bhfuil gach gaeilgeoir dúchais, dátheangach, agus umhal don bhéarla de ghnáth, maidir le focail nua-chumtha.Glacaim leis, nach nglacfaí le han-chuid de na focail nua-chumtha fiú muna raibh ach gaeilge amháin ag an gcuid is mó díobh(mar atá le feiceáil insan bhfraincís agus iodáilis agus na focail iasachta a tháinig isteach iontu ón mbéarla)ach déarfainn go nglacfaí le i bhfad níos mó díobh.Ní féidir ach suntas ollmhór a thabhairt do mheath na teanga agus nach féidir comparáid dhíreach a dhéanamh idir í agus teangacha eile na hEorpa nach bhfuil an meath céanna ag teacht orthu agus gur cainteoirí aonteangacha iad formhór lucht a labhartha.
|