Hello, Scott.
Scríobhas féin:
> > Dheinis tagairt de na focail chumtha, ar nós rothar, cuisneoir, srl.
> > Ní bhaineann cainteoirí úsáid astu san i n-aon chor, ach amháin
> > nuair a bhíonn siad ag caint le foghlaimeoirí, nó nuair a bhíonn
> > siad ag magadh fúthu.
D'fhreagair Scott:
>Bréag lofa is ea í sin. B'fhéidir gur fíor ná húsáideann na
>cainteoirí dúchais id cheantar féinig go bhfuil aithne agat orthu
>focail den tsort san. Ach ní mar sin atá sé i ngach cheantar in aon
>chor.
Ó, mhuis, ní haon bhréag í, gan bréag lofa a bhac,
ach an fhírinne ghlan. Is fíor go bhfuil cainteoirí
áirithe a úsáideann focail mar sin, go háirithe go
poiblí, ar an raidió nó sa scríobh. (Ach gan dabht,
bítear ag cuimhneamh ar na foghlaimeoirí sna
cásanna san, agus an seans go dtabharfar fút
mara ndéanfaidh tú dá réir.) Tá aithne agam féin
ar chainteoir iontach ón gCeathrú Rua atá
ana-thugtha don bhfocal "cuisneoir", a úsáideas
mar shampla. Is deas léi é toisc go bhfuil sé bunaithe
ar an sean-fhocal fileata "cuisne" = "sioc". Ach do
gach duine acu san, tá duine agus céad ann ná
bainfeadh aon úsáid astu, fé mar a deirim, ach
amháin ag caint le foghlaimeoirí nó ag magadh fúthu.
Agus ní im cheantar féin amháin atá sé sin fíor, ach
ins gach aon áit.
>Tráth dá rabhas ag fanacht i mBéal Átha an Ghaorthaidh, bhíos ag plé
>cúrsaí teangan le fear lá. Thosnaigh sé ag magadh, ceart go leor
>... magadh fén sort Gaeilge a bhíonn á labhairt i gConamara, dar leis!
>Seo achoimre dá chuid cainte:
>
> "Deireann siad súd 'bhí mé ag ride-áil mo bhicycle.' Bhuel,
> ní bicycle é in aon chor--rothar a thugaimíd ar an rud san
> anso. Ní 'carr' é--gluaisteán is ea é! Tá an Ghaelainn níos
> glaine againn anseo i Músgraí."
Cé go bhfuil sé leochaileach é a rá, tuigtear dhom gur
comhartha é seo ar mheath na Gaelainne, is ní ar a fás.
Nuair a bhí Myles Dillon ag cur le chéile an leabhair a
scríobh sé, "Teach Yourself Irish", bunaithe ar chaint
Mhúscraí, bhí ana-leisce air an focal "rothar" a úsáid,
mar dá réir, ní raibh sé sa chaint sa cheantar. An té
a mhaífeadh anois gur chuid de ghlaine na cainte
ina dhúthaigh féin é an focal céanna, conas a fuair
sé é? An té a athraigh ó "bicycle" go "rothar" (bíodh
is gurb é féin a dhein, nó a mhuintir roimis), cad
ina thaobh gur athraigh sé? Nó an ó lucht labhartha
an Bhéarla a fuaireadh an focal?
Dar ndóigh, bíonn lucht labhartha gach canúint ag
magadh fé na canúintí eile chomh maith, agus is minic
a ceaptar go mbaineann foirmeacha cumtha le canúint
eile, nó foirmeacha canúna eile le cumadóireacht.
>Ambaist, tá clár taifeadtha agam as Raidió na Gaeltachta ina
>n-úsáideann seanabhean as Cúil Aodha an focal "cuisneoir", gan aon
>leisce uirthi mar gheall air. Ná aon leid gur focal mínádúrtha léi í.
>Ná aon amhras uirthi fé fhuaimniú an fhocail. (Aon chainteoir go
>bhfuil léamh na Gaeilge aige, tá 'fhios aige conas "cuisneoir" a rá.)
>Agus más buan mo chuimhne, gheobhair an focal "cuisneoir" sa leabhar
>"Greenhorn", le Mike Dainín Ó Sé, leabhar go bhfuil togha Gaelainne
>dúchasaí ann ó Chorca Dhuibhne.
Fé mar a dúrt cheana, is minic a bhaineann cainteoirí
maithe úsáid as na focail seo ar an raidió agus sa scríobh.
Níl aon dabht fé go mbaineann focail nua iasachta le register
íseal, agus go mbeadh leisce ar dhaoine iad a úsáid go poiblí.
Baineann an rud céanna le focail chumtha. Ach is mó an
seans go dtabharfar fút má úsáideann tú focail iasachta, agus
cúis mhaith láidir is ea é sin le mórán daoine gan iad
a úsáid go poiblí. Ach ní cúis é sin a chreidiúint ná
mairfidh na hiasachtaí céanna i bhfad i ndiaidh na bhfocal
cumtha, ach oiread is a mhaireann aon euphemisms
i ndiaidh na bhfocal láidre.
Ana-phointe is ea é go mbeadh fuaimniú an fhocail
"cuisneoir" ag éinne go bhfuil léamh na Gaelainne
aige. Níl fuaimniú an fhocail sin ag formhór na
gcainteoirí. Cad ina thaobh go mbeadh sé sin amhlaidh?
Is dóigh liom féin go bhfuil baint nach beag leis ag
an gcuma a bhíonn scríobh na Gaelainne dírithe
ar preoccupations lucht a foghlama, go beag beann
ar riachtanaisí lucht a labhartha. Fágann san lucht
a labhartha gan cumas í a léamh ná í a scríobh.
Tá a fhios agam go gcuirfidh na tuairimí sin
fearg is olc ar a lán, ach nílim i mbun is aon
leathscéal a ghabháil astu. Fadhb ana-mhór
ar fad is ea é i saol na Gaelainne go bhfuil
oiread droch-mheas is beag-mheas ar lucht
labhartha na teangan.
Maitias Mac Cárthaigh
-----------------------------------
Fios Feasa: Irish Multimedia
www.fiosfeasa.com
-----------------------------------
|