Ar 23 Meitheamh 2000 scríobh Vincent Morley:
>Agus mura gcreideann siad
>thú go fóill, abair 'F**k off you ignorant Y**k** s**ts!' nó rud
>éigin den tsórt leo. Beidh sé ag dul dóibh.
Moladh luachmhar é sin:
1. Tá sé deacair a dhóthain smaoineamh duinn fhéin ar rud có chliste leis
sin a rá
2. Ní féidir an iomarca mhasla a bheith ag duine atá, d'réir dealramh,
bunaithe ar tír dúchais nó áit chónaithe an duine eile. Má tá aon rud níos
measa ná 'ignorant s**t!' sé 'ignorant Y**k** s**t!'
3. Tá an buntáiste leis freisin gur féidir é a fhoirleathnú do dream ar bith
gur mian leat e.g. F**k off you ignorant [do rogha anseo, ach i dtreo na
h-ionraice, cuir réiltíní isteach] s**ts!
4. Tré abairt fuafar, gránna mar seo a rá, cuirfidh tú in úil do cách nach
bhfuil pioc agat de'n rud náireach sin a cuireadh i leith gaeilgeóirí ar an
liosta seo le déanaí: iomarca féinmheasa.
Jim Muldowney
|