Ar 30 Jun 2000, ag 15:49 scríobh Séamas Ó Brógáin
fán ábhar "Re: Rogha D (4th choice)":
> Scríobh Seán:
>
> Níor fhreagair tú mo cheist fá "irlandés/gaélico", a Shéamais. An
> bhfuil úsáid na bhfocal seo chomh soiléir sin i Spáinnis?
>
> Tá brón orm, a Sheáin. Cheap mé gur fhreagair mé thú go fadálach.
>
> Ós rud é gurb iad daoine, eagraíochtaí, náisiúin srl. a shocraíonn a
> n-ainmneacha dílse féin; agus ós rud é gur ainm dílis é ainm na teanga
> "Irish" (i mBéarla); agus ós rud é go bhfuil ionannas aon-le-haon idir na
> téarmaí Béarla "Irish" agus "Gaelic" agus na téarmaí Spáinnise "Irlandés"
> agus "Gaélico", faoi seach, níl sé ceart "Gaélico" a thabhairt sa Spáinnis
> ar an nGaeilge.
Ní chreidim gur ceart a rá go bhfuil ionannas aon-le-aon ann eadar focla i
dteangacha éagsúla gan beagán fianaise ó chainteoir dúchais. Sin an fáth ar
chuir mé an cheist ort den chéad dul síos.
> Ach is é ainm na Gaeilge i mBéarla bun agus barr na díospóireachta seo. Ná
> cuirimis a thuilleadh ama amú ag plé teangacha eile.
A Shéamais, is *comhrá* atá ar siúl anseo nach ea? Más ea, is féidir liomsa
nó leatsa 'chuile rud a ba mhaith linn a phlé. Níl riail ann go caithfidh
muid cloí le clár oibre eicínt. Shil mé ón méid a bhí scríofa agat go raibh
eolas áithrid agatsa fá úsáid na téarmaí Spáinnise seo agus mar sin chuir mé
an cheist. Sin é. Mara bhfuil fonn ort freagra a thabhairt nó má cheapann tú
gur ábhar leadránach é abair os ard é, is cuma liomsa, ach más é do thoil é ná
bí ag rá go bhfuil muid ag cur amú ama agus muid ag caint fá teanga nach an
Ghaeilge ná an Béarla. Mothaím go bhfuil sin cineál drochmhúinte.
> Tá mé i mo bhall de Ghaelic-L ó...hmmm...1994? Ní fheicim feachtas
> i dteachtaireachtaí Mharion...rogha b'fhéidir, úsáid b'fhéidir, ach
> feachtas? Níl 'fhios 'am.
>
> Cad is féidir liom a rá? Ní fheiceann tusa feachtas; feicimse feachtas go
> soiléir, go háirithe (mar a dúirt mé) i bhfóraim idirnáisiúnta. Agus cad
> chuige "suirbhé" (i measc 50 duine!) nuair is eol do chách cheana cad is
> ainm don Ghaeilge i mBéarla?
Is léir ó na freagraí éagsúla anseo nach measann 'chuile dhuine gur ceist
chomh simplí í. Níl 'fhios 'am fán suirbhé...ba deacair úsáid a bhaint as
suirbhé chomh beag sin ar aon nós.
> B'fhéidir nach ceart dom an focal sin "dúchas" a úsáid. "Duine
> d'oidhreacht Éireannach" a bhí ar intinn agam. Céard é bunús an
> "Éireannachais" sin? Ar eachtrannaigh iad lucht na Gaeilge i
> Meireacá?
>
> Níl a fhios agam cad atá ar intinn agat anseo, a Sheáin, ach tá amhras orm
> go bhfuil tú ag iarraidh cineál ciníochais a leagan orm nó ar Vincent. Táim
> beagán ró-shean le titim isteach i ngaiste dá leithéid.
Galar an diabhail é an paranóia! Gaiste anois! Chuir mé an cheist mar gheall
air go raibh suim agam ar cheist na teorainneacha seo eadar "bheith i
d'Éireannach" (sin an "Éireannachas" a bhí i gceist agam) agus "bheith i
d'eachtrannach". Dar liomsa, is ceist an-shuimiúil (is an-tábhachtach) ar fad
í seo. Bhí súil agam go spreagadh sé comhrá nó iniúchadh beag ar bhrí,
teorainneacha, eisiamh agus cuimsiú an Éireannachais. Amhdaím gur chuir sé
ionadh orm an focal "eachtrannach" (& an focal "Éireannach") a fheiceáil chomh
minic sin sa diospóireacht, go formhór ó Vincent. Ní raibh mé cinnte cé acu a
raibh níos suimiúla, na focla féin nó m'ionadh féin. Ní chreidim go bhfuil an
focal "foreigner" dhá úsáid go coitianta san Astráil, pé brí a chuirfeá leis
sin.
> Níor luaigh mise an
> focal sin "Éireannachas" sa díospóireacht seo---ná riamh i mo shaol.
Nach bhfuil cead 'amsa focal a lua? Shilfeá go mbeadh, más comhrá atá ann.
> Tá an cuma air go measann Vincent gur Éireannach thú má tá cead
> vótála in Éirinn agat. An aontaíonn tú leis seo nó an bhfuil míniú
> níos leithne agat?
>
> Táim ag ceapadh nár dúirt Vincent rud dá leithéid.
Ní dúirt mise go ndúirt. Dúirt Vincent go raibh an rogha déanta ag muintir na
hÉireann thríd an mbunreacht. Ní féidir bheith páirteach i leasú an
bhunreachta gan cead vótála a bheith 'ad. An bhfuil inseacht eile ar an scéal
agatsa?
> Agus ós rud é nár úsáid
> mise an téarma "Éireannachas" riamh i mo shaol, agus nach bhfuil sé ar
> intinn agam é a úsáid am ar bith amach anseo, ní fheadar cén chaoi a mbeadh
> "míniú" ar bith agam, bíodh sé leathan nó caol, ar thagairt nach dtuigim ar
> an gcéad dul síos.
Mara bhfuil tú ábalta an iarmhír sin -as a thiscint nó má chuireann sé déistin
ort Éireannachas a rá nó a scríobh, an bhfuil tú in ann, nó an bhfuil fonn ort
an cheist a fhreagairt mar atá sí leagtha amach thuas?
(Tugaim cead oifigiúil do dhuine eile a thuairim a chur isteach anseo freisin!]
`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~
S e á n Ó S é a g h d h a [log in to unmask]
Is buan neach ina áit dhúchais. Seanfhocal.
|