Scríobh Seán:
Níor fhreagair tú mo cheist fá "irlandés/gaélico", a Shéamais. An
bhfuil úsáid na bhfocal seo chomh soiléir sin i Spáinnis?
Tá brón orm, a Sheáin. Cheap mé gur fhreagair mé thú go fadálach.
Ós rud é gurb iad daoine, eagraíochtaí, náisiúin srl. a shocraíonn a
n-ainmneacha dílse féin; agus ós rud é gur ainm dílis é ainm na teanga
"Irish" (i mBéarla); agus ós rud é go bhfuil ionannas aon-le-haon idir na
téarmaí Béarla "Irish" agus "Gaelic" agus na téarmaí Spáinnise "Irlandés"
agus "Gaélico", faoi seach, níl sé ceart "Gaélico" a thabhairt sa Spáinnis
ar an nGaeilge.
Ach is é ainm na Gaeilge i mBéarla bun agus barr na díospóireachta seo. Ná
cuirimis a thuilleadh ama amú ag plé teangacha eile.
Tá mé i mo bhall de Ghaelic-L ó...hmmm...1994? Ní fheicim feachtas
i dteachtaireachtaí Mharion...rogha b'fhéidir, úsáid b'fhéidir, ach
feachtas? Níl 'fhios 'am.
Cad is féidir liom a rá? Ní fheiceann tusa feachtas; feicimse feachtas go
soiléir, go háirithe (mar a dúirt mé) i bhfóraim idirnáisiúnta. Agus cad
chuige "suirbhé" (i measc 50 duine!) nuair is eol do chách cheana cad is
ainm don Ghaeilge i mBéarla?
B'fhéidir nach ceart dom an focal sin "dúchas" a úsáid. "Duine
d'oidhreacht Éireannach" a bhí ar intinn agam. Céard é bunús an
"Éireannachais" sin? Ar eachtrannaigh iad lucht na Gaeilge i
Meireacá?
Níl a fhios agam cad atá ar intinn agat anseo, a Sheáin, ach tá amhras orm
go bhfuil tú ag iarraidh cineál ciníochais a leagan orm nó ar Vincent. Táim
beagán ró-shean le titim isteach i ngaiste dá leithéid. Níor luaigh mise an
focal sin "Éireannachas" sa díospóireacht seo---ná riamh i mo shaol.
Tá an cuma air go measann Vincent gur Éireannach thú má tá cead
vótála in Éirinn agat. An aontaíonn tú leis seo nó an bhfuil míniú
níos leithne agat?
Táim ag ceapadh nár dúirt Vincent rud dá leithéid. Agus ós rud é nár úsáid
mise an téarma "Éireannachas" riamh i mo shaol, agus nach bhfuil sé ar
intinn agam é a úsáid am ar bith amach anseo, ní fheadar cén chaoi a mbeadh
"míniú" ar bith agam, bíodh sé leathan nó caol, ar thagairt nach dtuigim ar
an gcéad dul síos.
Séamas Ó Brógáin
----------------
|