Scríobh Colm:
Tá "Diccionari de la llengua catalana" ar oscailt anseo agam. Faoin
gceannfhocal "gaèlic 2", deir sé: Llengua celtica pertanyent al
grup insular; originada a irlanda, hi té tres variants: meridional,
occidental i septentrional.
Bhuel, ní dóigh liom go bhfuil mórán cearr leis an méid sin. "Gaelic" (agus
"Goidelic" agus "Q-Celtic") is ainm don ghrúpa sin de na teangacha
Ceilteacha a chuimsíonn an Ghaeilge, Gaeilge na hAlban, agus an Mhanainnis.
Faoi "Irlandès 3", deir sé: Gaèlic.
B'fhéidir gur chóir duit scríobh chucu agus iad a chur ar an eolas faoin
meancóg sin. (Nó ní dóigh liom go gceapann tú go bhfuil an "ceart diaga" ag
lucht scríofa na bhfoclóirí agus gur chóir don phobal na foclóirí a
leanúint, seachas a mhalairt ghlan.)
Séamas Ó Brógáin
----------------
|