Is le/ir go bhfuilimse im bhall don seict 'cheilteach' freisin. Nuair a bhi
me sa Bhriota/n ag labhairt Briota/inis bhain me usa/id as 'Gouezeleg' in
ait 'Iwerzhoneg' mar bhi se nios nadurtha dom. Tuigtar 'Iwerzhoneg' le nios
mo daoine ach bhi daoine sasta glacadh leis an fhocal eile (ata san focloir
freisin). Usaidim 'Irish' me fhein i mBearla ach nil fadhb ar bith agam le
'Gaelic' (Ta cairde as SAM agam).
Páraic Óg Ó Raghallaigh
>From: Sean O Seaghdha <[log in to unmask]>
>Reply-To: Comhra i nGaeilge na hEireann <[log in to unmask]>
>To: [log in to unmask]
>Subject: Re: Rogha D (4th choice)
>Date: Fri, 30 Jun 2000 13:25:57 +1000
>
>Ar 30 Jun 2000, ag 1:53 scríobh Vincent Morley
>fán ábhar "Re: Rogha D (4th choice)":
>
> > Scríobh Seán Ó Séaghdha:
> >
> > >Bhuel is focal neodrach thríd is thríd domsa é "Gaelic".
> >
> > Trí shaghas duine a thugann 'Gaelic' ar an nGaeilge:
> > 1. Eachtrannaigh aineolacha nach bhféadfadh abairt i gceachtar
> > den dá theanga a rá chun a mbeatha a shábháil.
> > 2. Iad siúd, idir eachtrannaigh agus Éireannaigh, ar mhaith leo
> > drochmheas a chaitheamh ar an nGaeilge.
> > 3. Seict bheag de 'Cheiltigh' ghairmiúla atá chomh líonmhar
> > céanna in Éirinn is atá cainteoirí líofa Cornaise sa Chorn.
>
>Is ionadh liom gur féidir focal a rá a thiontóidh thú i do dhuine eile ar
>fad.
> Ar draíocht é seo? Bainfidh mé triail as..."Gaelic, Gaelic, Gaelic,
>Gaelic..." ú á tá sé ag tosú anois...ó tá na dúrúin ársa ag tíocht chugam
>as
>an gclapsholas ceilteach...ionadh na n-ionadh mothaím líofacht na Cornaise
>ag
>tíocht orm anois...ó tá sé níos fearr ná drugaí...beidh mé ag channeleáil i
>gceann cúpla nóiméad...
>
> > > Ní aithním "agenda"
> > >áithrid ann mar atá taobh thiar de na focla thuas ach amháin "the Irish
> > Prime
> > >Minister". Teip chéille atá ann mar níl "Prime Minister" ann ar chor
>ar
> > bith.
> >
> > Ní hé airteagal 8.1 ('The Irish language ... etc.') an t-aon airteagal
> > den bhunreacht nach mbacann tú leis is cosúil: tá an "Prime
> > Minister" ("Príomh-Aire" sa leagan Gaeilge) luaite in airteagal
> > 13.1. Níl aon rud cearr leis an abairt "Irish Prime Minister", ná
> > lena mhacasamhail in aon teanga eile.
>
>Sompla maith é seo den mhearbhall atá ar Éireannaigh sa gceist seo
>téarmaíochta. Tá a lán Éireannach ann a dtabharfaidís an leabhar gur "an
>Taoiseach" an t-aon ainm amháin atá ar an duine seo.
>
>An bhfuil tagairt eile ar bith ann don Phríomh-Aire seo? Tuige nár thug tú
>URL na bunreachta dhúinn má tá ár aineolas dod chrá? Fán nóiméad -
>gheobhaidh
>mé dhuit é le mo chumhachtaí nua ón seict cheilteach...
>
>http://www.irlgov.ie/taoiseach/publication/constitution/irish/clar.htm
>
>nó ^^^^^^^^^!!!!!
>
>http://www.irlgov.ie/taoiseach/publication/constitution/intro.htm
>
> > Scríobh Daniel Nieciecki:
> >
> > >Freisin, da/ mbeadh ciall tarcaisneach ann ar "Gaelic," ce/n fa/th a
> > >dtabharfai/ "The Gaelic League" ar Chonradh na Gaeilge?
> >
> > Toisc gur thuig lucht na hathbheochana gur fearr an seans
> > a bheadh acu cead a fháil an Ghaeilge a theagasc sna
> > scoileanna stáit dá dtabharfaí 'Gaelic' uirthi. Bhain 'Gaelic' le
> > hOssian, leis an ársaíocht rómánsúil, leis an réigiúnachas
> > 'picturesque', le dílseacht don choróin, leis an
> > bProtastúnachas, leis na Highlanders cróga a bhí ag iompar
> > an Union Jack ón Rinn go Cairo, etc. A mhalairt a bhí fíor
> > faoi 'Irish'. Bhain sé sin le haineolas, le gorta, le Pápaireacht,
> > le 'agrarian outrages', le Fíníní mire, le náisiún mídhílis arbh
> > fholáir súil ghéar a choinneáil air an t-am ar fad. Ba mhinic
> > a thug lucht tacaíochta na teanga 'Celtic' uirthi ar na
> > cúiseanna céanna - ach ní raibh na híomhánna dearfacha
> > chomh líonmhar sa dara cás agus ba dheacra úsáid an
> > téarma sin a chosaint.
>
>An bhfuil na comhcheangail chéanna ann sa lá atá inniu ann? Más focal
>Protastúnach é "Gaelic" ar focal Caitliceach é "Irish"?
>
> > Scríobh Annraoi Ó Préith:
> >
> > > Cuireadh cara liom, abhfuil "Bernard" air, in
> > >aithne do Meiriceánach a thug "Bernárd" air. Nuair a cheartaigh mo
>chara é,
> > >níor dhúirt mo dhuine ach, "Bhal, sna Stáit, deirimid "Bernárd", agus
>sin
> > >sin !!"
> > >Cóilíneachas cultúrtha ná, droch-bhéasa ?
> >
> > An dá cheann in éineacht ar ndóigh. Tá sé de cheart ag do
> > chara a ainm féin a shocrú, agus tá sé de cheart ag Éirinn
> > ainm a teanga náisiúnta a shocrú sa teanga oifigiúil eile.
>
>Ní aontaím leat gur ionann ainm duine agus ainm teanga ná ainm tíre. Is
>furasta tuairim duine ar a ainm fhéin a thomhais ach is rud eile ar fad
>tuairim tíre a thomhais.
>
>`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~
> S e á n Ó S é a g h d h a [log in to unmask]
>
>Bailíonn brobh beart. Seanfhocal.
________________________________________________________________________
Get Your Private, Free E-mail from MSN Hotmail at http://www.hotmail.com
|