Ar 30 Jun 2000, ag 1:53 scríobh Vincent Morley
fán ábhar "Re: Rogha D (4th choice)":
> Scríobh Seán Ó Séaghdha:
>
> >Bhuel is focal neodrach thríd is thríd domsa é "Gaelic".
>
> Trí shaghas duine a thugann 'Gaelic' ar an nGaeilge:
> 1. Eachtrannaigh aineolacha nach bhféadfadh abairt i gceachtar
> den dá theanga a rá chun a mbeatha a shábháil.
> 2. Iad siúd, idir eachtrannaigh agus Éireannaigh, ar mhaith leo
> drochmheas a chaitheamh ar an nGaeilge.
> 3. Seict bheag de 'Cheiltigh' ghairmiúla atá chomh líonmhar
> céanna in Éirinn is atá cainteoirí líofa Cornaise sa Chorn.
Is ionadh liom gur féidir focal a rá a thiontóidh thú i do dhuine eile ar fad.
Ar draíocht é seo? Bainfidh mé triail as..."Gaelic, Gaelic, Gaelic,
Gaelic..." ú á tá sé ag tosú anois...ó tá na dúrúin ársa ag tíocht chugam as
an gclapsholas ceilteach...ionadh na n-ionadh mothaím líofacht na Cornaise ag
tíocht orm anois...ó tá sé níos fearr ná drugaí...beidh mé ag channeleáil i
gceann cúpla nóiméad...
> > Ní aithním "agenda"
> >áithrid ann mar atá taobh thiar de na focla thuas ach amháin "the Irish
> Prime
> >Minister". Teip chéille atá ann mar níl "Prime Minister" ann ar chor ar
> bith.
>
> Ní hé airteagal 8.1 ('The Irish language ... etc.') an t-aon airteagal
> den bhunreacht nach mbacann tú leis is cosúil: tá an "Prime
> Minister" ("Príomh-Aire" sa leagan Gaeilge) luaite in airteagal
> 13.1. Níl aon rud cearr leis an abairt "Irish Prime Minister", ná
> lena mhacasamhail in aon teanga eile.
Sompla maith é seo den mhearbhall atá ar Éireannaigh sa gceist seo
téarmaíochta. Tá a lán Éireannach ann a dtabharfaidís an leabhar gur "an
Taoiseach" an t-aon ainm amháin atá ar an duine seo.
An bhfuil tagairt eile ar bith ann don Phríomh-Aire seo? Tuige nár thug tú
URL na bunreachta dhúinn má tá ár aineolas dod chrá? Fán nóiméad - gheobhaidh
mé dhuit é le mo chumhachtaí nua ón seict cheilteach...
http://www.irlgov.ie/taoiseach/publication/constitution/irish/clar.htm
nó ^^^^^^^^^!!!!!
http://www.irlgov.ie/taoiseach/publication/constitution/intro.htm
> Scríobh Daniel Nieciecki:
>
> >Freisin, da/ mbeadh ciall tarcaisneach ann ar "Gaelic," ce/n fa/th a
> >dtabharfai/ "The Gaelic League" ar Chonradh na Gaeilge?
>
> Toisc gur thuig lucht na hathbheochana gur fearr an seans
> a bheadh acu cead a fháil an Ghaeilge a theagasc sna
> scoileanna stáit dá dtabharfaí 'Gaelic' uirthi. Bhain 'Gaelic' le
> hOssian, leis an ársaíocht rómánsúil, leis an réigiúnachas
> 'picturesque', le dílseacht don choróin, leis an
> bProtastúnachas, leis na Highlanders cróga a bhí ag iompar
> an Union Jack ón Rinn go Cairo, etc. A mhalairt a bhí fíor
> faoi 'Irish'. Bhain sé sin le haineolas, le gorta, le Pápaireacht,
> le 'agrarian outrages', le Fíníní mire, le náisiún mídhílis arbh
> fholáir súil ghéar a choinneáil air an t-am ar fad. Ba mhinic
> a thug lucht tacaíochta na teanga 'Celtic' uirthi ar na
> cúiseanna céanna - ach ní raibh na híomhánna dearfacha
> chomh líonmhar sa dara cás agus ba dheacra úsáid an
> téarma sin a chosaint.
An bhfuil na comhcheangail chéanna ann sa lá atá inniu ann? Más focal
Protastúnach é "Gaelic" ar focal Caitliceach é "Irish"?
> Scríobh Annraoi Ó Préith:
>
> > Cuireadh cara liom, abhfuil "Bernard" air, in
> >aithne do Meiriceánach a thug "Bernárd" air. Nuair a cheartaigh mo chara é,
> >níor dhúirt mo dhuine ach, "Bhal, sna Stáit, deirimid "Bernárd", agus sin
> >sin !!"
> >Cóilíneachas cultúrtha ná, droch-bhéasa ?
>
> An dá cheann in éineacht ar ndóigh. Tá sé de cheart ag do
> chara a ainm féin a shocrú, agus tá sé de cheart ag Éirinn
> ainm a teanga náisiúnta a shocrú sa teanga oifigiúil eile.
Ní aontaím leat gur ionann ainm duine agus ainm teanga ná ainm tíre. Is
furasta tuairim duine ar a ainm fhéin a thomhais ach is rud eile ar fad
tuairim tíre a thomhais.
`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~
S e á n Ó S é a g h d h a [log in to unmask]
Bailíonn brobh beart. Seanfhocal.
|