Scríobh Séamas Ó Brógáin:
>Ar liosta poist ar an idirlíon darb ainm "Unicode" (a bhaineann le cúrsaí
>ríomhaireachta) d'inis Michael Everson do bhaill an liosta go raibh sé tar
>éis éileamh a chur isteach _ar son na hÉireann_---is é sin, in ainm
>eagraíocht stáit, an NSAI [National Standards Authority of Ireland]---go
>dtí an ISO [International Organisation for Standardisation], ag éileamh
>orthu éirí as úsáid an ainm "mícheart" Irish ina foilseacháin údarásacha
>agus an t-ainm "ceart", Irish Gaelic, a úsáid ina áit.
Sin scéal uafásach. Tá sé chomh huafásach sin gur deacair
dom é a chreidiúint. Ach ar an láimh eile, ní féadfainn a
chreidiúint go ndéarfadh Séamas é mura mbeadh bunús
maith leis. Mar sin féin, tá seanfhocal adeir go mbíonn dhá
insint ar gach scéal agus braithim gur chóir dom seans a
thabhairt do Michael Everson é féin a chosaint sula ndéarfaidh
mé a thuilleadh faoi.
Scríobh Seán Ó Séaghdha:
>Bhuel is focal neodrach thríd is thríd domsa é "Gaelic".
Trí shaghas duine a thugann 'Gaelic' ar an nGaeilge:
1. Eachtrannaigh aineolacha nach bhféadfadh abairt i gceachtar
den dá theanga a rá chun a mbeatha a shábháil.
2. Iad siúd, idir eachtrannaigh agus Éireannaigh, ar mhaith leo
drochmheas a chaitheamh ar an nGaeilge.
3. Seict bheag de 'Cheiltigh' ghairmiúla atá chomh líonmhar
céanna in Éirinn is atá cainteoirí líofa Cornaise sa Chorn.
> Ní aithním "agenda"
>áithrid ann mar atá taobh thiar de na focla thuas ach amháin "the Irish
Prime
>Minister". Teip chéille atá ann mar níl "Prime Minister" ann ar chor ar
bith.
Ní hé airteagal 8.1 ('The Irish language ... etc.') an t-aon airteagal
den bhunreacht nach mbacann tú leis is cosúil: tá an "Prime
Minister" ("Príomh-Aire" sa leagan Gaeilge) luaite in airteagal
13.1. Níl aon rud cearr leis an abairt "Irish Prime Minister", ná
lena mhacasamhail in aon teanga eile.
Scríobh Daniel Nieciecki:
>Freisin, da/ mbeadh ciall tarcaisneach ann ar "Gaelic," ce/n fa/th a
>dtabharfai/ "The Gaelic League" ar Chonradh na Gaeilge?
Toisc gur thuig lucht na hathbheochana gur fearr an seans
a bheadh acu cead a fháil an Ghaeilge a theagasc sna
scoileanna stáit dá dtabharfaí 'Gaelic' uirthi. Bhain 'Gaelic' le
hOssian, leis an ársaíocht rómánsúil, leis an réigiúnachas
'picturesque', le dílseacht don choróin, leis an
bProtastúnachas, leis na Highlanders cróga a bhí ag iompar
an Union Jack ón Rinn go Cairo, etc. A mhalairt a bhí fíor
faoi 'Irish'. Bhain sé sin le haineolas, le gorta, le Pápaireacht,
le 'agrarian outrages', le Fíníní mire, le náisiún mídhílis arbh
fholáir súil ghéar a choinneáil air an t-am ar fad. Ba mhinic
a thug lucht tacaíochta na teanga 'Celtic' uirthi ar na
cúiseanna céanna - ach ní raibh na híomhánna dearfacha
chomh líonmhar sa dara cás agus ba dheacra úsáid an
téarma sin a chosaint.
>Leigh o/ra/id
>Pha/draig Mhic Phiarais cois uaigh Ui/ Dhonnabha/in Ro/sa. D'u/sa/id se/
>"gaelic" beagnach mar fhocal naofa.
Mar a scríobhas cúpla lá ó shin: is ag tagairt d'úsáid 'Gaelic'
mar ainm teanga atáim; tá an téarma sean-bhunaithe mar
aidiacht a chiallaíonn 'Gaelach' - 'Gaelic society', 'Gaelic law',
'Gaelic football' etc. Mar aidiacht a d'úsáid an Piarsach an
focal san óráid a luaigh tú.
Scríobh Annraoi Ó Préith:
> Cuireadh cara liom, abhfuil "Bernard" air, in
>aithne do Meiriceánach a thug "Bernárd" air. Nuair a cheartaigh mo chara é,
>níor dhúirt mo dhuine ach, "Bhal, sna Stáit, deirimid "Bernárd", agus sin
>sin !!"
>Cóilíneachas cultúrtha ná, droch-bhéasa ?
An dá cheann in éineacht ar ndóigh. Tá sé de cheart ag do
chara a ainm féin a shocrú, agus tá sé de cheart ag Éirinn
ainm a teanga náisiúnta a shocrú sa teanga oifigiúil eile.
Vincent Morley
|