Scríobh Aonghus:
>b) tá sinn ró sholéir!
An rud is mó a chuireann leithéidí ":-)" i gcuimhne dhom ná
an gáire réamhthaifeadta uafásach úd a bhíonn le cloisteáil
ar fhormhór na gcláracha 'grinn' ar an teilifís. Ní thuigim cén
fáth go n-úsáidtear é. Ní chloisfeá é ar scannán ná san
amharclann. Ba dheacair CU Burn a shárú maidir le greann
is ní dóigh liom gur chualas oiread is smiota réamhthaifeadta
amháin ó thús go deireadh na sraithe.
Vincent Morley
|