Ar 29 Jun 2000, ag 12:11 scríobh Annraoi Ó Préith
fán ábhar "Re: Rogha D (4th choice)":
> Ar fearr leat "Scittish Gaelic" a bheith
> ann don Ghàidhlig?
>
> Tá an post seo ag éirí abhfad r-dhairíribh !! Is fearr dúinn uilig rud beag
> grinn a thabhairt isteach sa scéal. Tá dúil agam fosta sa "Scittishness".
> :-))
Tá mo chuid Gaeilge cineál scittish uaireantaí.
> Colm de Búrca (de shliocht na Normannach é !!!! )
Eachtrannach! Ausländer!
> Léimeann Annraoi isteach (de shliocht na gCruithneach mé)-
> Is cuimhin liom go maith post den chinéal seo ar chuir mé féin tús leis, tá
> breis is bliain ó shoin - Cuireadh cara liom, abhfuil "Bernard" air, in
> aithne do Meiriceánach a thug "Bernárd" air. Nuair a cheartaigh mo chara é,
> níor dhúirt mo dhuine ach, "Bhal, sna Stáit, deirimid "Bernárd", agus sin
> sin !!"
> Cóilíneachas cultúrtha ná, droch-bhéasa ?
Droch-bhéasa is dócha. D'fhéadfá argóint a dhéanamh gur canúnachas atá ann,
ach is rud speisialta é ainm pearsanta. Tá tionchar na Fraincise le
haithneachtáil taobh thiar den fhuaimiú Bernárd. Ciallaíonn (& chiallaigh ó
thíocht na Normannach) blas Francach ar do chuid Bhéarla gur duine cultúrtha
thú. Ní chreidim gur féidir cóilíneachas (cultúrtha nó tútach) a thabhairt
air seo. Dhá thiontódh do chara ar an bhfuaimiú Bernárd toisc gur an-
shofaisticiúil iad na Meiriceánaigh, b'fhéidir go mbeadh cóilíneachas ann.
`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~
S e á n Ó S é a g h d h a [log in to unmask]
Is minic a bhris béal duine a shrón. Seanfhocal.
|