Táim díreach tar éis mo mhéarchlár a chur bunoscionn
agus cúpla buille géar a thabhairt dó. Is iontach an
smionagar a thit as! Ribí, bruscar aráin, fionnadh
cait, damhán alla marbh, síolta poipín, agus a lán
giotaí eile a bheadh an-suimiúil faoi mhicreascóp.
Smaoinigh mé ansin ar na bailiúcháin a fhaightear
faoi chúisíní an toilg, agus ansin faoin "lint" a
chnuasaítear in imleacáin, agus ansin rith sé liom
nach bhfuil focal agam ar an stuif seo, ná ar an
stuif céanna a bhainim as an triomadóir. Éinne?
Dennis King
|