Scríobh Panu:
>Ni/l me/ cinnte an bhfaca me/ "an Ri/" in aon chanu/int eile
Deir Maitias:-
Dhera, gan dabht. Rí na nDúl, Rí na Rí, Rí na bhFeart,
Rí an Domhnaigh, cad ina thaobh ná beadh "An Rí"
againn? Thuigeas-sa go maith tu an chéad uair.
Leanann Annraoi:-
Agus, taobh amuigh de chaint na ndaoine, tá tagairtí flúirseach i gcuid mhór
amhrán do "Dhia" i bhform an "Rí", m.sh.
"Is, a Rí na glóire gile, tabhair ar ais an oíche aréir." as Tír Chonaill
san amhrán de chuid Jimí Fheilimí, "Thíos o Lár an Ghleanna."
'S a Rí na ngrásta 'cheap Neamh is Párthas." an Ghaillimh san amhrán "Anach
Cuain" de chuid Antoine Uí Reachtabhra.
Agus dá gcuirfeá chuige, gheobhfá neart samplaí eile.
Annraoi ( nach Rí é.)
|