Ar fearr leat "Scittish Gaelic" a bheith
ann don Ghàidhlig?
Tá an post seo ag éirí abhfad r-dhairíribh !! Is fearr dúinn uilig rud beag
grinn a thabhairt isteach sa scéal. Tá dúil agam fosta sa "Scittishness".
:-))
Colm de Búrca (de shliocht na Normannach é !!!! )
... más mian le muintir na hÉireann "Irish" a thabhairt ar an nGaeilge
agus iad ag caint Béarla, tá an ceart sin acu. Ag an am céanna, féadfaidh
na Meiriceánaigh a rogha rud a thabhairt uirthi ...
Freagraíonn Seán (de shliocht na sean Ghael é !!!)
Féadfaidh, ach níl cead ná ceart acu. Is linne (Éireannaigh) ár dteanga
náisiúnta.
Léimeann Annraoi isteach (de shliocht na gCruithneach mé)-
Is cuimhin liom go maith post den chinéal seo ar chuir mé féin tús leis, tá
breis is bliain ó shoin - Cuireadh cara liom, abhfuil "Bernard" air, in
aithne do Meiriceánach a thug "Bernárd" air. Nuair a cheartaigh mo chara é,
níor dhúirt mo dhuine ach, "Bhal, sna Stáit, deirimid "Bernárd", agus sin
sin !!"
Cóilíneachas cultúrtha ná, droch-bhéasa ?
Annraoi.
|