Ar 29 Jun 2000, ag 12:10 scríobh Séamas Ó Brógáin
fán ábhar "Re: Rogha D (4th choice)":
Níor fhreagair tú mo cheist fá "irlandés/gaélico", a Shéamais. An bhfuil
úsáid na bhfocal seo chomh soiléir sin i Spáinnis?
> Scríobh Seán Ó Séaghdha:
>
> Más feachtas a bhí ann ní mise a thug faoi deara é! An féidir leat
> teachtaireacht a 'spáint dhom ón bhfeachtas seo?
>
> Maidir leis an bhfeachtas anseo in Éirinn, ní gá duit ach na
> teachtaireachtaí ó Marion Gunn ar Gaelic-L agus Gaeilge-A a léamh le deich
> mbliana nó mar sin anuas.
Tá mé i mo bhall de Ghaelic-L ó...hmmm...1994? Ní fheicim feachtas i
dteachtaireachtaí Mharion...rogha b'fhéidir, úsáid b'fhéidir, ach feachtas?
Níl 'fhios 'am.
Scríobh Colm de Búrca:
> ... más mian le muintir na hÉireann "Irish" a thabhairt ar an nGaeilge
> agus iad ag caint Béarla, tá an ceart sin acu. Ag an am céanna,
> féadfaidh na Meiriceánaigh a rogha rud a thabhairt uirthi ...
Scríobh tú:
> Féadfaidh, ach níl cead ná ceart acu. Is linne (Éireannaigh) ár dteanga
> náisiúnta, agus is é an náisiún Éireannach a shocraíonn ainm na teanga
> náisiúnta, ainm na tíre, ainm na parlaiminte, ainm an Rialtais, agus chuile
> ainm dílis a bhaineann leis an náisiún. Má thugann eachtrannaigh "Gaelic" nó
> ainm eile ar an teanga, níl ann ach aineolas; má leanann siad orthu tar éis
> go gcuirtear ar an eolas iad, níl ann ach impiriúlachas cultúrtha; má
> ghéileann duine ar leis an teanga sin don impiriúlachas cultúrtha, níl ann
> ach meon an sclábhaí.
agus d'fhiafraigh mise:
> Céard é an bhrí leis an téarma sin "Éireannach", dar leatsa?
> Saoránach atá ina chónaí in Éirinn? Duine de dhúchas Éireannach?
>
> An ghnáthbhrí, a chuimsíonn an dá aicme a luann tú.
B'fhéidir nach ceart dom an focal sin "dúchas" a úsáid. "Duine d'oidhreacht
Éireannach" a bhí ar intinn agam. Céard é bunús an "Éireannachais" sin? Ar
eachtrannaigh iad lucht na Gaeilge i Meireacá?
Tá an cuma air go measann Vincent gur Éireannach thú má tá cead vótála in
Éirinn agat. An aontaíonn tú leis seo nó an bhfuil míniú níos leithne agat?
> Ní thigim na rachtanna seo cé go dtigim go maith na fáthanna gur
> fuath le hÉireannaigh focla nó leagain chainte i mBéarla mar "the
> mainland", "Ulster", "the Irish Republic", "the Irish Prime
> Minister", srl. Cuireann a leithéidí fearg ormsa uaireanta freisin.
>
> Níl a fhios agam, más ea, cén fáth nach dtuigeann tú an "fearg" seo, a
> Sheáin, ós rud é gurb é an rud ceannann céanna atá i gceist: ainm mícheart
> a thabhairt d'aon ghnó ar thír, ar theanga, ar eagraíocht, ar dhuine, nó
> eile, nuair is maith is eol don chainteoir go bhfuil sé mícheart _agus_ go
> ngoilleann sé ar na daoine ar leo an rud sin.
Bhuel is focal neodrach thríd is thríd domsa é "Gaelic". Ní aithním "agenda"
áithrid ann mar atá taobh thiar de na focla thuas ach amháin "the Irish Prime
Minister". Teip chéille atá ann mar níl "Prime Minister" ann ar chor ar bith.
Ach tá "Irish Gaelic" ann, cé gurb é "Irish" gnáthainm (agus ainm oifigiúil)
na teanga.
> ... An bhfuil sé ar intinn agat anois argóint a dhéanamh nach bhfuil
> baint ar bith eadar sanasaíocht focal agus brí focal????
>
> Níl sé ar intinn agam argóint a dhéanamh nach bhfuil "baint ar bith" idir
> sanas focail agus brí an fhocail. Tá sé ar intinn agam argóint a dhéanamh
> nach í sanas focail a _shocraíonn_ brí an fhocail, mar a scríobh mé cheana.
Más ea, ní focal scríofa ar phíosa páipéir a shocraíonn brí an fhocail ach
oiread.
`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~
S e á n Ó S é a g h d h a [log in to unmask]
Is searbh an fhírinne. Seanfhocal.
|