B'fhéidir nach miste domh féin mo ladar a chur isteach sa díospóireacht
seo. Fuair mé amach fá Ghaeilge na hÉireann an chéad uair riamh agus
mise ag brobhsáil téacsleabhar geograife mo dhearthára. Bhí ocht mbliana
d'aois agam, a bheag nó a mhór, agus mise gan aon tíreolas agam ar scoil
go fóill. Bhail, bhí blúire buneolais ar leabhar Otso fá achan tír san
Eoraip, agus bratach na tíre in aice le achan bhlúire den chineál sin,
com maith le hainm oifigiúil na tíre. Cha rabh d'ainm ar Éirinn ansin ach
"Poblacht na hÉireann", diabhal an drae "Republic of Ireland", agus
maidir leis na teangachaí, "iiri ja englanti" - an Ghaeilge chun tosaigh
- a bhí ann. (Sa bhlúire fán Ríocht Aontaithe, dála an scéil, bhí na
focail seo le léamh: "englanti, lisäksi vanhoja kelttikieliä (welsh ja
gaeli)" [Béarla agus seanteangacha Ceilteacha ("Welsh" agus Gaidhlig)]
Díol suntais é go bhfuair eagarthóir an leabhair fóirsteanach an t-ainm
Béarla ar an Bhreatnais a ghlacadh isteach mar iasacht. Ar na saoltaibh
seo againne, áfach, tá an focal "kymri" le fáil san Fhionlainnis.
An chuid is mó, is ionann ainm teanga na tíre agus ainm na tíre féin
san Fhionlainnis: Englanti = Sasain, englanti = Béarla; Saksa = an
Ghearmáin, saksa = Gearmáinis; Suomi = an Fhionlainn, suomi = an
Fhionlainnis. (Mar sin, sula dtáinig "kymri" isteach, b'éigean dúinn
"wales" a thabhairt ar an Bhreatnais, agus an rud aistíoch seo á
fhuaimniú de réir an Bhéarla - rud nach rabh fóirsteanach don
Fhionlainnis ar aon nós, nó is fearr linn caitheamh go garbh leis na
focail iasachta: "hodari" < hot dog, ispín te, "pleikkari" < Play
Station, nó ríomhchluiche atá comhoiriúnach leis an chóras sin, "netti" =
an tEadarlíon; agus ós rud é go bhfuil fuaimniú na Fionlainnise
an-chóngarach don litriú, is gasta a théid litriú na Fionlainnise i
bhfeidhm ar fhocail Bhéarla féin: an dtig libh a oibriú amach cén rud é
"pleiseri" nó "trenssi"?) Dá mbímist ag cloí leis an chóras, bheadh
"irlanti" againn ar Ghaeilge na hÉireann; rud aistíoch é b'fhéidir, ach
is eisceacht í an Ghaeilge san Fhionlainnis: "iiri" a deirtear.
Déarfainn gurb í an Ghaidhlig an chéad rud a ritheanns leis an
Fhionlannach agus é ag cluistint an fhocail udaí "gaeli". Nuair a bhí mé
thart ar dheich mbliana d'aois, agus mise eolach cheana ar an "iiri",
léigh mé alt fá chath saoirse na hÉireann agus trácht ansin ar Chonradh
na Gaeilge: d'fhág sé trí chéile ar fad mé, toisc gur "gaeli" seachas
"iiri" a bhí ann ar an Ghaeilge. "Cén cineál amadán a scríobh an phaidir
chapaill seo", a shíl mé, "nach bhfuil a fhios aige gur 'gaeli' a
labhartar in Albain, agus gur 'iiri' atá ag muintir na hÉireann?"
Bhail, trí bliana ina dhiaidh sin chonaic mé an clár doiciméadach udaí ar
Theilifís na Fionlainne ar minic domh trácht a dhéanamh air, agus b'ansin
a chuala mé an focal "Gaeilge" an chéad uair riamh. An bhliain 1981 a bhí
ann.
Agus "bhí gach rud athraithe ó bhonn, agus rugadh an áilleacht uafásach",
mar is eol daoibh. :)
-------------------------------------------------------------------------------
Panu Petteri Höglund - Saoi ins na hIlbhéarlaibh
http://www.geocities.com/Athens/8308
"Aon uair amháin a gheibh duine ciall, tá deireadh aige
le haoibhneas an tsaoghail."
Séamus Ó Grianna: "Caisleáin Óir"
|