Ar 27 Jun 2000, ag 15:17 scríobh Vincent Morley
fán ábhar "Re: Rogha D (4th choice)":
> Seo liosta cuimsitheach de na cúiseanna go léir a ritheann
> liom agus iad leagtha amach in ord tábhachta:
>
> 1. Toisc gurb é 'Irish' ainm oifigiúil na teanga ón uair a glacadh
> le halt a ceathair de bhunreacht Shaorstát Éireann sa bhliain
> 1922 amach. Níor théacs beannaithe í an cháipéis sin ar ndóigh
> agus ní téacs beannaithe é an bunreacht reatha ach an oiread,
> ach is prionsabal beannaithe é gurb í toil mhuintir na hÉireann
> an t-aon fhoinse dhlisteanach údaráis maidir le cúrsaí na tíre
> seo. An t-eachtrannach nach bhfuil sásta glacadh le hainm
> Béarla na Gaeilge mar a shocraíonn muintir na hÉireann é, is
> impiriúlaí cultúrtha é - agus má shíleann sé nach ea ní féidir a
> rá faoi ach go bhfuil meon an impiriúlaí imithe go smior ann.
>8-| "Them's fightin' words!" mar is gnách leat na laethanta seo. Más
impiriúlachas cultúir é cur síos a dhéanamh ar úsáid an Bhéarla is impiriúlaí
cultúir é 'chuile shoch-theangeolaí atá is a bhí ann riamh. (Dála an scéil:
B'fhearr liom m'impiriúlaithe a bheith cultúrtha. Faigheann tú beagán cultúr
uathu mar sin, an dtigeann tú?)
> 2. Toisc go dtéann sé i gcoinne na bhfíricí. An t-eachtrannach
> aineolach a bheadh ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim agus
> a d'ordódh 'Teach Yourself Gaelic' nó 'The New English-Gaelic
> Dictionary' ó amazon.com, ní cúrsa féinteagaisc Gaeilge ná
> foclóir Béarla-Gaeilge a gheobhadh sé in aon chor ach leabhair
> a bhaineann le teanga eile. Is é an chéad cheacht atá le
> foghlaim ag an bhfoghlaimeoir eachtrannach gurb é 'Irish' ainm
> Béarla na Gaeilge.
>
> 3. Toisc go dtugann sé le fios gur canúintí d'aon teanga amháin
> iad an Ghaeilge agus an Ghàidhlig, rud nach bhfuil fíor inniu
> agus rud nach raibh fíor le tuairim is ceithre chéad bliain anuas.
Ní chreidim gur é seo an t-aon brí amháin gur féidir a bhaint as. Is minic
ainm eile ar fad a bheith ar chanúint. Rogha pholaitiúil a bhíonns ann go
hiondúil seachas riail dhaingean. Más fadhb mhór é seo b'fhéidir gurbh'fhiú
ainm an teanga a athrú go hAighearais - ba shoiléir nach canúint í an Ghaeilge
mar sin. 8-)
> 4. Toisc go n-íslíonn sé stádas na Gaeilge. Má thugann 'Manx',
> 'Welsh', 'Breton' agus 'Irish' le fios go mbaineann ná teangacha
> úd le gach Manannach, Breatnach, Briotánach is Éireannach
> faoi seach, tugann 'Gaelic' le fios nach mbaineann an Ghàidhlig
> ach le mionlach beag de mhuintir na hAlban - lucht na
> Gàidhealtachd. An té a cheanglódh an bhró mhuilinn chéanna
> timpeall ar mhuinéal na Gaeilge, is namhaid don teanga é. Mar
> a scríobh an tOllamh Máirtín Ó Murchú i mbrollach an leabhair
> leis dar teideal 'The Irish Language': '"Gaelic" ... has a distinctly
> pejorative connotation when used of the language, its use being
> intended to imply that the language is of peripheral status in
> present day Ireland'.
Níl an "pejorative connotation" seo intuigthe taobh amuigh d'Éirinn ar chor ar
bith. Má tá stair ghránna ag an focal "Gaelic" in Éirinn abair é ach ná bíodh
súil agat ar thiscint ó dhaoine thar lear ar mionphointí na séimeantaice
áitiúla gan miniú a thabhairt dhóibh.
> 5. Toisc go bhfuil sé místairiúil. Ag breathnú dom tríd an leabhar
> rí-spéisiúil le Tony Crowley dar teideal 'The Politics of Language
> in Ireland 1366-1922' a foilsíodh le déanaí, ní fheicim foinse ar
> bith níos sine ná 1795 (féach lch 131) inar tugadh 'Gaelic' ar an
> nGaeilge. 'Irish' amháin a bhí ann roimhe sin.* An fhoinse is
> déanaí ag Crowley ina n-úsáidtear an t-ainm, is sa bhliain 1912
> a scríobhadh é (féach lch 213). Agus i rith na tréimhse sin féin
> (.i. fíor-dheireadh an 18ú haois go dtí fíor-thús an 20ú haois), is
> líonmhaire go mór iad na foinsí ag Crowley ina dtugtar 'Irish' ar
> an nGaeilge.
>
> Ach cé go bhfuil pointí 2-5 thuas go léir tábhachtach, tá pointe
> uimhir 1 níos tábhachtaí ná na cinn eile go léir curtha le chéile.
> Dá rialódh rialtas na hÉireann amárach gurb é 'Ballyclee' ainm
> Béarla Bhaile Átha Cliath, b'shin mar a bheadh feasta. Bheadh
> sé chomh mícheart 'Dublin' a thabhairt ar phríomhchathair na
> hÉireann as sin amach is a bheadh sé tagairt a dhéanamh do
> 'Leningrad' nó do 'Constantinople' nó do 'Leopoldville' sa lá atá
> inniu ann - agus ba chuma sa tsioc cad a thabharfaí ar an áit
> in Kalamazoo in Muttaburra ná in Leighton Buzzard. Ní
> bhainfeadh an cheist leo agus b'shin sin!
Muise! Ba mhaith liom tú a fheiceáil ag miniú do na Gréagaigh gur mícheart
Constantinople a thabhairt ar Istanbul! Rinne mé iarracht leid mar sin a
thabhairt do chara Gréagach uair amháin agus ní dhéanfaidh mé aríst é. Fuair
mé óráid uaithi a bhí cosúil leis na teachtaireachtaí atá ar Ghaeilge-A le
déanaí.
Is aoibhinn liom a dhéanamh amach gur buachaill an-umhal thú. Má tá tú sásta
glacadh le "Ballyclee" is léir nach bhfuil fadhb ar bith 'ad le 'chuile ainm a
chumann an rialtas. ;-)
`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~
S e á n Ó S é a g h d h a [log in to unmask]
The English country gentleman galloping after a fox -
the unspeakable in full pursuit of the uneatable. Oscar Wilde.
|