Scríobh Panu:
>O/, an amhlaidh gur scri/obh me/ Be/arla ar Ghaeilge-A? Ghabhaigi/ mo
>leithsce/al! Bi/onn mo bhocsa ri/omhphoist plodaithe i gco/nai/ le
>teachtaireachtai/ a bhaineanns le ceachtar den da/ liosta, agus caithfidh
>se/ gur shi/l me/ gur teachtaireacht de chuid Ghaeilge-B a bhi/ ann.
>
>Ar ndo/ighe, chan fhuil ann ach lagchosaint. Ba cho/ir domh su/il a
>chaith in airde ar an sca/ilea/n uaireanta lena sheicea/il ce/ acu liosta
>ata/ agam.
Bhí an fhadhb chéanna agam féin tamall mór fada,
go dtí gur bhaineas úsáid cheart as an software.
Chruthaíos mailboxes difriúla do gach liosta, agus
chruthaíos filter dosna tchtí, go raghadh gach ceann
acu isteach ina bhosca dílis féin ag teacht isteach
chugham dó. Anois, ní bhíonn an fhadhb san a thuilleadh
agam. Nach iontach an rud é an ríomhaire (a dúirt
sé le leath-mhiongháire leamh).
Agus scríobh Vincent:
> > Tá an cárta buí á thaispeáint do Phanu. Seo arís polasaí an
> > liosta:
srl., srl.
Ba mhaith liom a rá gur dóigh liom go bhfuil an ceart
ar fad ag Vincent (mar is gnáthach). Tá daoine eile
tar éis gearán a dhéanamh a leithéid de pholasaí
a chur i bhfeidhm chomh docht san, agus fiú bhí
"Oh, lighten up" mar thcht cheana. Ach níor mhór
dúinn an polasaí céanna. Dream beag is ea sinn,
agus tá Béarla againn go léir, agus tá sé ró-fhuirist
iompú ar an mBéarla ar fad ar mhaithe le mionghrúpa
inár measc. Saoirse atá uainn, spás saor nó tearmann
gur féidir linn úsáid a bhaint as ár dteanga féin gan
a bheith ag cur isteach ná amach ar éinne. Chun
an tsaoirse sin a bhaint amach, toisc gur dream
beag sinn, agus toisc go bhfuil Béarla leis againn,
caithfidh rialacha dochta a bheith againn. An dream
a chuireann inár gcoinnibh go bhfuilimíd ró-dhian
nó ró-rigid, is i gcoinnibh na saoirse atáid siad féin
go dáiríribh, an tsaoirse atá ag teastáil uainn
ár dteanga féin a labhairt gan cur isteach ná
amach ar éinne eile.
Maitias Mac Cárthaigh
-----------------------------------
Fios Feasa: Irish Multimedia
www.fiosfeasa.com
-----------------------------------
|