Dé Luain, 5 Meitheamh 2000, scríobh Maitias Mac Cárthaigh:
> Dheinis tagairt de na focail chumtha, ar nós rothar, cuisneoir, srl.
> Ní bhaineann cainteoirí úsáid astu san i n-aon chor, ach amháin
> nuair a bhíonn siad ag caint le foghlaimeoirí, nó nuair a bhíonn
> siad ag magadh fúthu.
Bréag lofa is ea í sin. B'fhéidir gur fíor ná húsáideann na
cainteoirí dúchais id cheantar féinig go bhfuil aithne agat orthu
focail den tsort san. Ach ní mar sin atá sé i ngach cheantar in aon
chor.
Tráth dá rabhas ag fanacht i mBéal Átha an Ghaorthaidh, bhíos ag plé
cúrsaí teangan le fear lá. Thosnaigh sé ag magadh, ceart go leor
... magadh fén sort Gaeilge a bhíonn á labhairt i gConamara, dar leis!
Seo achoimre dá chuid cainte:
"Deireann siad súd 'bhí mé ag ride-áil mo bhicycle.' Bhuel,
ní bicycle é in aon chor--rothar a thugaimíd ar an rud san
anso. Ní 'carr' é--gluaisteán is ea é! Tá an Ghaelainn níos
glaine againn anseo i Músgraí."
Cainteoir dúchais a dúirt an méid seo, fear a tógadh sa cheantar, a
mhair ann ar feadh a shaoil, agus a bhfuil rogha na Gaelainne aige.
Chuir a chaint ionadh orm, mar cheapainn roimhis sin, dála leatsa, ná
húsáidfeadh cainteoirí dúchais focail nua-chumtha den tsort san. Ach
bhí mo dhuine ansin ag áiteamh orm gur a mhalairt ar fad atá fíor ina
cheantar féin. Agus bhí sé i ndáiríre. Ní aontaím leis gur cheart a
bheith ag caitheamh anuas ar Ghaeilge Chonamara, ach dhein a chaint na
súile dhom go bhfuil ceist na bhfocal nua-chumtha níos casta mar a
cheaptar go minic.
Ambaist, tá clár taifeadtha agam as Raidió na Gaeltachta ina
n-úsáideann seanabhean as Cúil Aodha an focal "cuisneoir", gan aon
leisce uirthi mar gheall air. Ná aon leid gur focal mínádúrtha léi í.
Ná aon amhras uirthi fé fhuaimniú an fhocail. (Aon chainteoir go
bhfuil léamh na Gaeilge aige, tá 'fhios aige conas "cuisneoir" a rá.)
Agus más buan mo chuimhne, gheobhair an focal "cuisneoir" sa leabhar
"Greenhorn", le Mike Dainín Ó Sé, leabhar go bhfuil togha Gaelainne
dúchasaí ann ó Chorca Dhuibhne.
B'fhéidir go mbíonn cainteoirí áirithe ag magadh fé fhocail ar nós
"cuisneoir" nó "rothar", agus ag magadh fésna daoine a údáideann iad.
Ach bíodh 'fhios acu súd go bhfuil cainteoirí dúchais eile ann, leis,
a ghlacann leis na focail chéanna so, a úsáideann go rialta iad, agus
a bhíonn ag magadh ag fiú fésna cainteoirí eile lena "bicycles" agus
"fridges".
-Scott O.
|