Scríobh Colm:
> Agus céard faoi na hindiaigh bhochta a gcónaíonn sna reservations -
> píosaí beaga talún, cuid an-bheag de na limistéirí a bhíodh acu fadó
> (dhá mhór-roinn). Nach cóilíneacht mhór amháin é SAM?
Coilíneacht a bhí i Meiriceá ar dtús, gan amhras dá laghad.
Foghlaimímid uilig faoi na Trí Choilíneacht Déag ar scoil.
Ní dóigh liom gur féidir a rá gur "cóilíneacht mhór amháin"
é Meiriceá anois, áfach. Ceist agam ortsa, agus ar an liosta:
an féidir coilíneacht a bheith ann gan choilínigh? Cé hiad
na coilínigh i SAM anois díreach? Na daoine seo a leanas?
1. Bean ar tháinig a cuid sinsear uilig go dtí an tír seo
ó Shasana roimh 1776
2. Bean ar tugadh a cuid sinsear anseo mar sclábhaí roimh 1776
3. Fear a tháinig ón tSín deich mbliana ó shin
4. Ball den treibh Karuk a bhfuil seanathair Éireannach aici
5. Ball den treibh Karuk atá 3/4 "geal" agus 1/4 Indiach
6. Indiach Navajo ó Arizona atá ina chónaí i Nua-Eabhrac
le daichead bliain
7. Indiach Mixtec ó dheisceart Mhexico a chuir fúithi in
Detroit sé mhí ó shin
8. Fear a rugadh in Hawai'i atá 1/4 Filipino, 1/4 Samoan,
1/4 Gearmánach, 1/4 Hawai'ian
9. Mo chuid chairde a tháinig as Co. Chorcaí in 1989
10. Seanbhean in Seattle, as Alaska, a bhfuil a cuid Aleut i
bhfad níos líofa ná a cuid Béarla, ach a bhfuil sloinne
Rúiseach aici agus cosúlacht Eorpach uirthi de bharr
meascadh a tharla cúpla glúin thiar
11. Páiste a bhéarfar amárach do 1 & 6, nó do 8 & 2, nó do...
Dennis King
|