Scríobh Séamas Ó Scolaí:
Ní aontaím gur seafóid a bhí sa díospóireacht sin ar chor ar bith.
Ar eagla na míthuisceana: ní ar an _díospóireacht_ a thug me "seafóid" ach
ar an bhfeachtas chun "Gaelic" nó "Irish Gaelic" a chur chun cinn in ionad
ainm ceart na teanga (i mBéarla), agus go speisialta ar an mbrú a bhí á
chur ar eagraíochtaí idirnáisiúnta a dtagairtí don Ghaeilge a "cheartú"
agus éirí as úsáid an téarma "mícheart" sin, "Irish".
Scríobh Colm de Búrca:
... más mian le muintir na hÉireann "Irish" a thabhairt ar an nGaeilge
agus iad ag caint Béarla, tá an ceart sin acu. Ag an am céanna,
féadfaidh na Meiriceánaigh a rogha rud a thabhairt uirthi ...
Féadfaidh, ach níl cead ná ceart acu. Is linne (Éireannaigh) ár dteanga
náisiúnta, agus is é an náisiún Éireannach a shocraíonn ainm na teanga
náisiúnta, ainm na tíre, ainm na parlaiminte, ainm an Rialtais, agus chuile
ainm dílis a bhaineann leis an náisiún. Má thugann eachtrannaigh "Gaelic"
nó ainm eile ar an teanga, níl ann ach aineolas; má leanann siad orthu tar
éis go gcuirtear ar an eolas iad, níl ann ach impiriúlachas cultúrtha; má
ghéileann duine ar leis an teanga sin don impiriúlachas cultúrtha, níl ann
ach meon an sclábhaí.
Tugann mise Irish uirthi agus mé ag caint Béarla, ach deirim gaèlic agus
mé ag caint Catalóinise, agus gaélico sa Spáinnis.
Bhuel, níl cead ná ceart agatsa ach oiread, a Choilm, é sin a dhéanamh.
Irlandés is ainm don teanga seo sa Spáinnis; teanga eile ar fad is ea
Gaélico, .i. teanga Cheilteach na hAlban.
Scaití ag léamh an méid atá le rá ar an liosta seo, ní cheapfá gur ón
bhfocal "Gaeilge" a d'escair an t-ainm Gaelic an chéad.
Ní sanasaíocht atá á plé anseo, ach gnáthainm na Nua-Ghaeilge in Éirinn. Ní
hí an tsanasaíocht a shocraíonn ainmneacha teangacha (ná ainmneacha eile)
ach úsáid na bpobal ar leo iad.
Séamas Ó Brógáin
----------------
|