Is bocht an teanga nach mbíonn ach canúint amháin aici, agus níl an
Béarla bocht sa gciall sin. Mar sin, más mian le muintir na hÉireann
"Irish" a thabhairt ar an nGaeilge agus iad ag caint Béarla, tá an ceart
sin acu. Ag an am céanna, féadfaidh na Meiriceánaigh a rogha rud a
thabhairt uirthi, bíodh sin Gaelic, Irish, nó ainm ar bith eile. Agus
mar an gcéanna le lucht labhartha teanga ar bith eile. Tugann mise Irish
uirthi agus mé ag caint Béarla, ach deirim gaèlic agus mé ag caint
Catalóinise, agus gaélico sa Spáinnis. Scaití ag léamh an méid atá le rá
ar an liosta seo, ní cheapfá gur ón bhfocal "Gaeilge" a d'escair an
t-ainm Gaelic an chéad.
Colm de Búrca
|