----------
Scríobh Séamas Ó Brógáin <[log in to unmask]>
>
> Scríobh Vincent:
>
> Seo liosta cuimsitheach de na cúiseanna go léir a ritheann liom
> agus iad leagtha amach in ord tábhachta ...
>
> Maith an fear, a Vincent!
>
> B'fhéidir go mbeidh deireadh leis an tseafóid sin anois.
Ní aontaím gur seafóid a bhí sa díospóireacht sin ar chor ar bith.
Níor fhreagair mé an ceisneoir. Ní fhreagraím ceisneoirí go hiondúil mar ní
bhíonn a fhios agam cén úsáid a bhainfí as an eolas. Bíonn lucht curtha na
gceisteanna sách gortach le heolas iontu agus ba é a dhála sin ag ceisneoir
Mharion.
B'féidir, ó tharla go bhfuil an clampar síothlaithe anois, go n-inseoidh
Marion dúinn cé a chuir an cheist a chéaduair agus cén úsáid a bhainfear as
an eolas sin. Sílim freisin go bhfuil sé dlite do na daoine a d'fhreagair an
ceisneoir a chloisteáil cén chaoi ar vótáil sí dá thoradh.
Tugaim féin 'Irish' ar an teanga seo agus mé ag labhairt nó ag scríobh i
mBéarla. Tugaim 'irlandais' nó 'irisch' ar an teanga agus mé ag labhairt nó
ag scríobh i bhFraincis nó i nGearmáinis agus míním do dhaoine a thugann
gaëlique nó gälisch uirthi gur teanga eile í sin a labhraítear in Albain, ós
cosúil gurb in a thugann na hAlbanaigh féin uirthi. Ní hé ár ngnó leagan
Béarla a shocrú ar an nGaidhlic ná ar an Manannais, agus ba shothalach an
mhaise dúinn féachaint lena dhéanamh.
Ós ag caint ar ainmneacha teangacha a shocrú muid, cén gnáithe atá ag dream
beag mar muide a leithéid sin a dhéanamh? Cé muide? Bhfuil muid as ár
meabhair?
Bhí caint ar (Irish) Gaelic. Shíl mé go raibh an ceann sin curtha leis an
ársaitheoir deireannach ach go ndearna an LFM iarracht ar é a athbheochan.
Is cosúil gur éirigh leo cuid de na daoine a mhealladh ina dhiaidh sin.
Séamas Ó Scolaí
|