Scríobh Panu:
>We here in Ulster, etc.
Tá an cárta buí á thaispeáint do Phanu. Seo arís polasaí an
liosta:
Meabhraítear daoibh gur liosta le haghaidh teachtaireachtaí
i nGaeilge é an liosta seo. Ceadaítear sleachta gearra
athfhriotail i dteangacha eile más cuid de theachtaireachtaí
Gaeilge iad, ach ní cheadaítear teachtaireachtaí nach í an
Ghaeilge an phríomhtheanga iontu.
Ó am go chéile, cuirtear teachtaireachtaí i mBéarla chuig an
liosta. Má bhíonn fonn ort a leithéidí a fhreagairt, ba chóir
é a dhéanamh go príobháideach trí fhreagra a sheoladh go
díreach chuig an té a scríobh.
Vincent Morley
|