Scríobh Seán Ó Séaghdha:
>Is mór an truaí go bhfuil an saol mar seo, ach TÁ! Mar sin, tá ort
>comhghéilleadh a ghlacadh.
Ionann sin is a rá go gcaithfear comhréiteach a dhéanamh idir
an t-eolas agus an t-aineolas toisc go bhfuil daoine aineolacha
ar an saol ...
>Mothaím go bhfuil fáthanna agat (seachas focla naofa na bunreachta)
>cur i gcoinne na moltaí seo nach bhfuil ráite agat fós
Seo liosta cuimsitheach de na cúiseanna go léir a ritheann
liom agus iad leagtha amach in ord tábhachta:
1. Toisc gurb é 'Irish' ainm oifigiúil na teanga ón uair a glacadh
le halt a ceathair de bhunreacht Shaorstát Éireann sa bhliain
1922 amach. Níor théacs beannaithe í an cháipéis sin ar ndóigh
agus ní téacs beannaithe é an bunreacht reatha ach an oiread,
ach is prionsabal beannaithe é gurb í toil mhuintir na hÉireann
an t-aon fhoinse dhlisteanach údaráis maidir le cúrsaí na tíre
seo. An t-eachtrannach nach bhfuil sásta glacadh le hainm
Béarla na Gaeilge mar a shocraíonn muintir na hÉireann é, is
impiriúlaí cultúrtha é - agus má shíleann sé nach ea ní féidir a
rá faoi ach go bhfuil meon an impiriúlaí imithe go smior ann.
2. Toisc go dtéann sé i gcoinne na bhfíricí. An t-eachtrannach
aineolach a bheadh ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim agus
a d'ordódh 'Teach Yourself Gaelic' nó 'The New English-Gaelic
Dictionary' ó amazon.com, ní cúrsa féinteagaisc Gaeilge ná
foclóir Béarla-Gaeilge a gheobhadh sé in aon chor ach leabhair
a bhaineann le teanga eile. Is é an chéad cheacht atá le
foghlaim ag an bhfoghlaimeoir eachtrannach gurb é 'Irish' ainm
Béarla na Gaeilge.
3. Toisc go dtugann sé le fios gur canúintí d'aon teanga amháin
iad an Ghaeilge agus an Ghàidhlig, rud nach bhfuil fíor inniu
agus rud nach raibh fíor le tuairim is ceithre chéad bliain anuas.
4. Toisc go n-íslíonn sé stádas na Gaeilge. Má thugann 'Manx',
'Welsh', 'Breton' agus 'Irish' le fios go mbaineann ná teangacha
úd le gach Manannach, Breatnach, Briotánach is Éireannach
faoi seach, tugann 'Gaelic' le fios nach mbaineann an Ghàidhlig
ach le mionlach beag de mhuintir na hAlban - lucht na
Gàidhealtachd. An té a cheanglódh an bhró mhuilinn chéanna
timpeall ar mhuinéal na Gaeilge, is namhaid don teanga é. Mar
a scríobh an tOllamh Máirtín Ó Murchú i mbrollach an leabhair
leis dar teideal 'The Irish Language': '"Gaelic" ... has a distinctly
pejorative connotation when used of the language, its use being
intended to imply that the language is of peripheral status in
present day Ireland'.
5. Toisc go bhfuil sé místairiúil. Ag breathnú dom tríd an leabhar
rí-spéisiúil le Tony Crowley dar teideal 'The Politics of Language
in Ireland 1366-1922' a foilsíodh le déanaí, ní fheicim foinse ar
bith níos sine ná 1795 (féach lch 131) inar tugadh 'Gaelic' ar an
nGaeilge. 'Irish' amháin a bhí ann roimhe sin.* An fhoinse is
déanaí ag Crowley ina n-úsáidtear an t-ainm, is sa bhliain 1912
a scríobhadh é (féach lch 213). Agus i rith na tréimhse sin féin
(.i. fíor-dheireadh an 18ú haois go dtí fíor-thús an 20ú haois), is
líonmhaire go mór iad na foinsí ag Crowley ina dtugtar 'Irish' ar
an nGaeilge.
Ach cé go bhfuil pointí 2-5 thuas go léir tábhachtach, tá pointe
uimhir 1 níos tábhachtaí ná na cinn eile go léir curtha le chéile.
Dá rialódh rialtas na hÉireann amárach gurb é 'Ballyclee' ainm
Béarla Bhaile Átha Cliath, b'shin mar a bheadh feasta. Bheadh
sé chomh mícheart 'Dublin' a thabhairt ar phríomhchathair na
hÉireann as sin amach is a bheadh sé tagairt a dhéanamh do
'Leningrad' nó do 'Constantinople' nó do 'Leopoldville' sa lá atá
inniu ann - agus ba chuma sa tsioc cad a thabharfaí ar an áit
in Kalamazoo in Muttaburra ná in Leighton Buzzard. Ní
bhainfeadh an cheist leo agus b'shin sin!
Vincent Morley
[* Ar ndóigh, is ag tagairt d'úsáid 'Gaelic' mar ainm teanga
atáim; tá an téarma sean-bhunaithe mar aidiacht a chiallaíonn
'Gaelach' - 'Gaelic society', 'Gaelic law', 'Gaelic football' etc.
ach ní chuige sin atáim in aon chor.]
|