Mothaím go bhfuil fáthanna agat (seachas focla naofa na bunreachta)
> cur i gcoinne na moltaí seo nach bhfuil ráite agat fós. Mar shompla,
> an ngoilleann sé ort gur féidir an ciall "saghas Gàidhlige atá dhá
> labhairt in Éirinn" a bhaint as "Irish Gaelic"? Nó an gcreideann tú
> nach bhfuil gaol ar bith eadar an focal Béarla "Gaelic" agus an focal
> "Gaeilge"?
Maidir liom féin, ní chuireann ráiteas den chineál sin as dom ar chor ar
bith - déanta na fírinne, ba mhaith liom go bhforbrófaí KOINÉ Gaelach de
chineál sa gcaoi go mbeadh lucht na Gaeilge in ann a chéile a thuiscint,
cuma Gaolainn, Gaidhlig nó rud ar bith idir eatarthu a bheith á labhairt
ag duine. Ach ná fiafraígí orm cén chaoi cur chuige!
Colm
|