Gabh mo leithscéal a chairde os ucht bheith ar mo sheanphort céanna arís
- ach tugaim faoi deara nach raibh RnG ar fáil ar shaitilít Astra le
coicís anuas, ar a laghad, agus é in easnamh go résúnta minic o am go
chéile roimhe sin chomh maith. Tá a fhios agam go bhfuil seirbhís iomlán
RnG ar fáil beo ar an idirlíon anois, ach ní fheileann sé sin chomh
maith dom i láthair na huaire agus an tseirbhís shaitltíte.
An uair dheireannach a tharla a leithead chuir mé sraith glaochanna ar
RnG i mBleá Cliath agus i gCasla, ach ní dóigh liom go raibh morán
toradh orthu.
An bhfuil a fhios ag éinne ar an liosta seo seoladh nó uimhir teileafóin
na ndaoine nó an duine atá i mbun cursaí saitilíte in RTÉ ionas go
bhféadaim glaoch éifeachtach a dhéanamh agus sásamh éigin a bhaint
amach?
Beirigí uilig bua agus beannacht,
Carl
|