D'fhiafraigh mise:
>
>>Cén fáth nach
>>mbeadh cead ag daoine eile seachas na Gaeil a dtuairim a rá, má tá Gaeilge
>>agus Béarla acu, cibé ar bith áit a bhfuil siad ina gcónaí?
D'fhreagair Vincent:
>Ar ndóigh, tá cead ag gach duine a thuairim a nochtadh
>faoi chuile rud. Mar shampla, tá cead agamsa a rá gur
>'Indreic' an t-ainm a bheidh air Indrek feasta - ach ní athródh
>ráiteas mar sin uaim a ainm. Mar an gcéanna, dá mbeadh
>gach ainbhiosán idir Maine agus California ar aon fhocal
>gurb é 'Gaelic' ainm Béarla na teanga seo ina bhfuilim ag
>scríobh, ní athródh a gcuid aineolais, dá líonmhaire iad, ainm
>na teanga.
Ní áthródh cinnte agus ní shin é an rud a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh. Sin
ceann de na rudaí is fearr faoi phobalbhreitheanna go bhfuil seans ag
'chuile dhuine a phíosa a rá, chomh aineolach is atá sé/sí, gan brú a chur
ar dhaoine eile agus gan cead a bheith ag na daoine sin ach a oiread a
bheith feargach leis/léi mar gheall ar go bhfuil a t(h)uairim féin ag an
duine sin.
Ag nochtadh mo thuairim umhal phearsanta a bhí mé i mo leitir dheireannach.
estonia it domus... :)
Indrek
|