Ar 23 Jun 2000, ag 20:32 scríobh Vincent Morley
fán ábhar "Re: Rogha D (4th choice)":
> Scríobh Dennis:
>
> >Ní raibh aon "Acadamh" ag an mBéarla riamh, mar atá ag na
> >Frainciseoirí, le socrú céard atá ceadaithe agus céard nach
> >bhfuil. Agus ní "registered trademarks" iad na focail atá
> >faoi chaibidil againn, faoi choimirce conradh idirnáisiúnta.
>
> Ní ainmfhocail choitianta iad ach an oiread. Ní hé an difríocht
> idir 'sidewalk'/'footpath' nó 'faucet'/'tap' atá i gceist anseo. Is
> ainmfhocal dílis é ainm teanga, cosúil le logainm nó ainm
> stáit nó ainm duine. An difríocht idir 'Gaelic'/'Irish', is ionann
> é agus an difríocht idir 'King's County'/'Offaly', 'Irish Republic'/
> 'Ireland', 'Uinseann'/'Vincent'. Baineann siad go léir le dream
> nó le duine éigin agus tá sé drochmhúinte as cuimse gan
> glacadh le rogha an dreama nó an duine ar leo iad. Tá
> dearcadh mhuintir na hÉireann ar an gceist curtha in iúl ar
> an mbealach is soiléire agus is oifigiúla ina bhféadfaí é sin a
> dhéanamh: 'Irish' atá san aistriúchán oifigiúil den Bhunreacht
> agus 'Irish' atá i ngach ionstraim reachtúil ina luaitear an
> Ghaeilge. Mar an gcéanna, 'Irish' atá luaite (i dteannta 'Ulster
> Scots' dála an scéil) i gcomhaontú Aoine an Chéasta - an
> rud is gaire do bhunreacht dá bhfuil acu sa Tuaisceart.
>
> Ní thagann cúrsaí faisin i gceist ach an oiread. Ar na
> seilfeanna leabhar timpeall orm feicim 'The English-Irish
> Dictionary' le Conchobhar Ó Beaglaoich (1732), 'An
> Introduction to the Irish Language' le William Neilson (1808),
> 'A Grammar of the Irish Language' le John O'Donovan (1845),
> 'Irish-English Dictionary' an Duinnínigh ar tháinig an chéad
> eagrán de amach sa bhliain 1904, 'Dictionary of the Irish
> Language' an Acadaimh, ar tháinig an chéad fhascúl de
> amach sa bhliain 1913; agus ní gá a rá gur 'Irish' atá ar na
> foilseacháin go léir a cuireadh amach sa tír seo tar éis
> bhunú an stáit.
>
> D'fhiafraigh Indrek:
>
> >Cén fáth nach
> >mbeadh cead ag daoine eile seachas na Gaeil a dtuairim a rá, má tá Gaeilge
> >agus Béarla acu, cibé ar bith áit a bhfuil siad ina gcónaí?
>
> Ar ndóigh, tá cead ag gach duine a thuairim a nochtadh
> faoi chuile rud. Mar shampla, tá cead agamsa a rá gur
> 'Indreic' an t-ainm a bheidh air Indrek feasta - ach ní athródh
> ráiteas mar sin uaim a ainm. Mar an gcéanna, dá mbeadh
> gach ainbhiosán idir Maine agus California ar aon fhocal
> gurb é 'Gaelic' ainm Béarla na teanga seo ina bhfuilim ag
> scríobh, ní athródh a gcuid aineolais, dá líonmhaire iad, ainm
> na teanga. Ní athródh mar ní ceist shuibiachtúil atá i gceist
> ach ceist oibiachtúil. Anseo ar mo sheilfeanna leabhar
> feicim leithéidí 'A Gaelic Grammar' le George Calder; 'The
> Illustrated Gaelic-English Dictionary' le Edward Dwelly; 'The
> New English-Gaelic Dictionary' le Derick Thomson; 'The
> Modern Gaelic-English Dictionary' le Robert Owen; agus 'The
> Gaelic Terminology Database' a d'fhoilsigh na daoine lácha
> thall sa Sabhal Mòr Ostaig. Ní leis an teanga ina bhfuilim ag
> scríobh a bhaineann na saothair úd áfach, ach le teanga eile
> a labhartar in Albain. Ní fiú tráithnín iad na tuairimí i
> gcomórtas le fíric lom mar sin.
>
>
> Scríobh Brendan Dalton:
>
> >Ar mhaithe le cruinneas, níl dul as agat ach a rádh leofa "NÓ!
> >Aidhmín Aghaidhris Gaedhlic.", nó tagairt éiginnteach ar a
> >laghad a dhéanamh do "Gaelic".
>
> Ar mhaithe le cruinneas, níl aon dul as agat ach a rá leo
> 'No! Gaelic is spoken in Scotland. The related language
> spoken in Ireland is Irish'. Mura nglacann siad leis sin,
> mínigh dóibh go foighdeach gur Éireannach thú, go bhfuil
> an Ghaeilge ar do thoil agat, agus go bhfuil cur amach nach
> beag agat ar an mBéarla freisin. Agus mura gcreideann siad
> thú go fóill, abair 'F**k off you ignorant Y**k** s**ts!' nó rud
> éigin den tsórt leo. Beidh sé ag dul dóibh.
>
> Vincent Morley
Nach bhfuil tú i do dhuine ceanndána míréasúnta inniu! :) Is soiléir
dúinn uilig go bhfuil tiscint iomlán ag muintir na hÉireann ar an
focal sin "Irish" agus gur é sin ainm an teanga (in Éirinn ar an
laghad) a thugann muid Gaeilge uirthi. Tá 'fhios againn uilig gur
"Gaelic" an gnáthainm ar an teanga úd Gàidhlig ag muintir na hAlban.
Dhá mbeadh na hainmneachaí seo dhá n-úsáid sna tíreachaí sin amháin,
ní bheadh fadhb ann. Dhá mbeadh domhan foirfe ann, bheadh na
hainmneachaí seo i réim 'chuile áit agus ní bheadh fadhb ann. Ach ní
mar seo atá an scéal ar chor ar bith.
1. Tá gaol eadar an dá theanga seo agus coinneoidh na teangeolaithe
orthu ag déanamh tagairtí do "Irish Gaelic" agus "Scots/Scottish
Gaelic" gan aird ar bith a thabhairt ar mhianta mhuintir na hÉireann
ná muintir na hAlban.
2. Mar a dúirt a lán duine cheana, ní féidir "Irish" a úsáid ar fud
an domhain gan mearbhall a chur ar dhaoine. Ní bréag é seo! Tharla
an rud seo dhom oíche Déardaoin.
3. Is léir nach féidir "Gaelic" a úsáid sna SAM (nó i gCalifornia ar
aon nós) anois gan mearbhall a chur ar dhaoine ach oiread.
Is mór an truaí go bhfuil an saol mar seo, ach TÁ! Mar sin, tá ort
comhghéilleadh a ghlacadh. An ceann is fearr a gheobhaidh tú, dar
liom, ná "Irish Gaelic" agus "Scots Gaelic".
Mothaím go bhfuil fáthanna agat (seachas focla naofa na bunreachta)
cur i gcoinne na moltaí seo nach bhfuil ráite agat fós. Mar shompla,
an ngoilleann sé ort gur féidir an ciall "saghas Gàidhlige atá dhá
labhairt in Éirinn" a bhaint as "Irish Gaelic"? Nó an gcreideann tú
nach bhfuil gaol ar bith eadar an focal Béarla "Gaelic" agus an focal
"Gaeilge"?
`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~
S e á n Ó S é a g h d h a [log in to unmask]
And she was cleped madame Eglentyne.
Ful wel she song the service divyne,
Entuned in hir nose ful semely. Geoffrey Chaucer.
|