Gaibhim pardún agaibh go bhfuilim chomh fada san
gan freagra a chur air seo. An iomarca oibre (a dúirt
sé, á mholadh féin).
Scríobh Breandán:
>Léigh mé cuid de na haistí atá foilsithe agat ar bhur láithreán agus
>caithfidh mé iad a mholadh. Tá siad go breá cuimsitheach. Is iomaí
>pointe a bhféadfainn a phlé leat ar bhonn cairdiúil síochánta ar nós na
>bhfocal nua: rothar, cuisneoir, fón póca, agus ríomhaire etc etc. Seans
>go bhfuil níos mó ar eolas agat féin ná mar atá agamsa ar an bhfeiniméan
>(phenomenon??) ar a dtugtar sa Bhéarla air "language registers" i.e. go
>labhrófá ar bhealach difriúil le do chairde sa phub ón gcaoi a labhrófá le
>do mháthair féin nó leis an sagart srl.
<<snip>>
>Dar liom gurbh fhiú breathnú ar na "registers" sa Ghaeilge anois agus ar
>an gcaoi a bhfuil an Béarla á mheascadh tríthi ? / tríd ? Chuala mé
>fear ar an Eachléim ag beannú dá chairde mar seo "Bhí mé an-lucky
>inniú." I ngeall ar mise a bheith i láthair rinne an chuid eile iarracht
>a chuid Gaeilge a fheabhsú dhó "Bhí tú ádhúil" a deir siad leis. Níor
>dhúirt mise an rud a mhúinfinn do mo chuid daltaí "Bhí an t-ádh orm
>inniú." Cheapfainn go bhfuil an truailliú sin ar siúl gach lá sa
>Ghaeltacht, má tá, (agus go deimhin sa Ghalltacht ) ach ní shin is le rá
>gur cheart géilleadh agus éirí as an iarracht an Ghaeilge a neartú, a
>shaibhriú, a leathadh agus, déarfaidh mé é, a athbheochan.
Dar ndóigh, tá "registers" as gach aon teanga, agus táid siad
as Gaelainn chomh maith céanna. Ba bhreá liom féin dá ndéanfaí
staidéar ceart ar chuid acu, mar tá registers as Gaelainn,
dar liom féin, ná fuil aon bhaint acu leis na gnáth-registers, ach
leis an lucht foghlamtha. Go traidisiúnta, is síos-suas a bhíodh
daoine ag féachaint ar registers, .i. an register ard agus an register
íseal. Ach bítear ag féachaint inniu ar na réimsí difriúla de shaol
an duine agus an chuid den teanga a úsáidtear ann, idir struchtúr
agus foclóireacht. B'fhéidir go bhfuil cur amach níos fearr
ag Tonio ar úsáid an téarma "register" ag teangeolaithe an lae inniu,
ach leanfaidh mé orm á úsáid anso, pé scéal é.
Dheinis tagairt de na focail chumtha, ar nós rothar, cuisneoir, srl.
Ní bhaineann cainteoirí úsáid astu san i n-aon chor, ach amháin
nuair a bhíonn siad ag caint le foghlaimeoirí, nó nuair a bhíonn
siad ag magadh fúthu. (Agus dar ndóigh, bíonn cainteoirí Gaelainne
ag magadh fé fhoghlaimeoirí, díreach glan mar a bhíonn lucht
labhartha aon teanga. Cuimhnigh ar Mhanuel bocht sna Fawlty
Towers úd.) Mar sin, baineann na focail sin le register
an fhoghlaimeora, más ceart register a thabhairt air sin.
Ní register ard i n-aon chor é, agus más neartú agus saibhriú
atá ag teastáil uainn, ní óna leithéid a thiocfaidh sé.
Tuigtear dhom chomh maith go mbaineann cainteoirí úsáid
as na focail sin agus iad ag caint le foghlaimeoirí mar tá a fhios
acu go dtabharfaidh na foghlaimeoirí fúthu má chloiseann siad
focail Bhéarla. Mar sin, ar mhaithe le síocháin, caitheann siad
isteach na focail atá a fhios acu atá ag teastáil ón té atá ag caint
leo. Ní hathbheochan é seo; b'fhéidir gur dea-bhéasa é, ach is
dóigh liom féin gur amadántaíocht é. Ní raghaidh sé chun tairbhe
an fhoghlaimeora ach an oiread, már tá sé ag foghlaim éithigh,
agus tá daoine go bhfuil fios a mhalairte acu ag géilleadh dhó.
Nuair a dheineann cainteoirí iarracht úsáid a bhaint as na focail
seo, ní bhíonn a fhios acu conas iad a rá i gceart, mar ná
cloiseann siad go deo iad i mbéal duine go bhfuil dul ceart na
teangan aige. Ana-shampla de seo is ea "cuisneoir". Nuair
is mar "kishnore" a deireann formhór lucht a úsáidte é, ní
fheadair an cainteoir an ceart "cisneoir" nó "cuisneoir" a rá.
Dar ndóigh, más ag magadh fúthu atá sé, déarfaidh sé "Duh
kur may 'insan kishnore ay" (le glottal stop roimh "insan").
Nílim ag rá na rudaí seo chun ionsaí a dhéanamh ar
fhoghlaimeoirí ná ar an ngluaiseacht, ach mar chuid de phlé
phenomonological ar registers na Gaelainne.
Is díol suime liom úsáid an fhocail "truailliú" agat. Sin focal
a chloisfeá ag cainteoirí ag tagairt don nGaelainn oifigiúil,
an caighdeán, an teanga fé mar a labhrann foghlaimeoirí í,
agus na rudaí a bhíonn sna leabhair scoile. Sé atá i gceist
acu ná dul an Bhéarla a bheith ar an nGaelainn, agus ní
focail Bhéarla a bheith tugtha isteach ar iasacht. Sin rud
a bhí á phlé ag Panu le déanaí ar Gaelic-L, nuair a dúirt sé:
> Bhi/ me/ riamh den bharu/il go bhfuil i bhfad E/ireann barrai/ocht
> d'adhnua de/anta ag lucht na Gaeilge den fhoclo/ir, agus iad ar no/s cuma
> liom fa/ dtaobh den chomhre/ir.
Agus:
> Ach mar sin fe/in, creidim go mbeadh litri/ocht na
> Gaeilge i bhfad ni/os inghlactha ag na cainteoiri/ du/chais da/ mbeadh na
> scri/bhneoiri/ sa/sta a gcuid comhre/ire a fhoghlaim o/ scri/bhneoiri/
> Gaeltachta.
D'fhéadfaí a chur leis sin, "seachas ó aistriúchán lom ar
an mBéarla, focal ar fhocal agus struchtúr ar struchtúr".
Is mó de dhul an Bhéarla a bhíonn ar a leithéid ná mar
a bhíonn ar an iasacht.
Dar ndóigh, tá sé fíor a rá go mbaineann iasachtaí
le register íseal nuair a tugtar isteach ar dtúis iad.
Ní fhágann san gur fearr cumadóireacht; baineann
sé sin le register níos ísle. Cad ba cheart do lucht
léite na nuachta a rá? Sin ceist ná réiteodh beirt,
agus dob fhearr é a fhágaint fé gach duine acu
fé leith, dar liom féin, agus gan a bheith ag fáil
locht orthu má úsáideann siad iasacht a úsáidtear
go comónta sa chaint. Rud amháin atá siúráilte:
ní ar mhaithe le hathbheochan aon teanga é
go ndéanfaí beag beann ar lucht labhartha na
teangan san, go gcaithfí ar leataoibh iad, toisc
ná labhrann siad an teanga sa tslí a bhíonn
sí ag teastáil ó lucht a foghlamtha.
Ní beag san.
Maitias Mac Cárthaigh
-----------------------------------
Fios Feasa: Irish Multimedia
www.fiosfeasa.com
-----------------------------------
|