Is léir domh go n-usáideann go leor Béarloirí "Gaelic"
nuair a bhíonn siad ag tabhairt tagairt don Ghaedhilg, agus
do Ghaedhilg na hÉireann ach go háirithe
( féach http://gaelic.wunderground.com/ , mar shampla).
Deir Annraoi:-
Is cá bhfuil na Béarlóirí seo ina gcónaí ?
Dá dearfá "I speak Irish" le go leor Béarlóirí, bheidis
ag dúil le canamhaint Béarla, leitheid: "Top o' the morning
to you, begorrah, and isn't it a fine soft day that's in it, be the hokey?
Is it going into Glockamorra that you are? Perhaps you could
get me some crubeens and buttermilk for me tay, fine girl
that you are."
Ar mhaithe le cruinneas, níl dul as agat ach a rádh leofa "NÓ!
Aidhmín Aghaidhris Gaedhlic.", nó tagairt éiginnteach ar a
laghad a dhéanamh do "Gaelic".
Leanann Annraoi:-
Cuirim an cheist chéanna arís, "Cá bhfuil na Béarlóirí seo ina gcónaí ?"
Anseo in Éirinn, tuigeann madaí an bhaile an chiall atá le "Irish". Dá
nabóradh duine "Gaelic" thuigfí as gur coimhthíoch a bheadh ann ná duine a
bheadh ag iarraidh bheith glic.
Annraoi
|