Scríobh Heinrich Beute:
>Deir Uisnionn:-
Níl a leithéid de dhuine ar an liosta seo - seans go bhfuil sé
ar 'Gaeilge-B' (ós rud é nár fhoghlaim sé conas a litrítear an
t-ainm go fóill).
Scríobh Dennis:
>Ní raibh aon "Acadamh" ag an mBéarla riamh, mar atá ag na
>Frainciseoirí, le socrú céard atá ceadaithe agus céard nach
>bhfuil. Agus ní "registered trademarks" iad na focail atá
>faoi chaibidil againn, faoi choimirce conradh idirnáisiúnta.
Ní ainmfhocail choitianta iad ach an oiread. Ní hé an difríocht
idir 'sidewalk'/'footpath' nó 'faucet'/'tap' atá i gceist anseo. Is
ainmfhocal dílis é ainm teanga, cosúil le logainm nó ainm
stáit nó ainm duine. An difríocht idir 'Gaelic'/'Irish', is ionann
é agus an difríocht idir 'King's County'/'Offaly', 'Irish Republic'/
'Ireland', 'Uinseann'/'Vincent'. Baineann siad go léir le dream
nó le duine éigin agus tá sé drochmhúinte as cuimse gan
glacadh le rogha an dreama nó an duine ar leo iad. Tá
dearcadh mhuintir na hÉireann ar an gceist curtha in iúl ar
an mbealach is soiléire agus is oifigiúla ina bhféadfaí é sin a
dhéanamh: 'Irish' atá san aistriúchán oifigiúil den Bhunreacht
agus 'Irish' atá i ngach ionstraim reachtúil ina luaitear an
Ghaeilge. Mar an gcéanna, 'Irish' atá luaite (i dteannta 'Ulster
Scots' dála an scéil) i gcomhaontú Aoine an Chéasta - an
rud is gaire do bhunreacht dá bhfuil acu sa Tuaisceart.
Ní thagann cúrsaí faisin i gceist ach an oiread. Ar na
seilfeanna leabhar timpeall orm feicim 'The English-Irish
Dictionary' le Conchobhar Ó Beaglaoich (1732), 'An
Introduction to the Irish Language' le William Neilson (1808),
'A Grammar of the Irish Language' le John O'Donovan (1845),
'Irish-English Dictionary' an Duinnínigh ar tháinig an chéad
eagrán de amach sa bhliain 1904, 'Dictionary of the Irish
Language' an Acadaimh, ar tháinig an chéad fhascúl de
amach sa bhliain 1913; agus ní gá a rá gur 'Irish' atá ar na
foilseacháin go léir a cuireadh amach sa tír seo tar éis
bhunú an stáit.
D'fhiafraigh Indrek:
>Cén fáth nach
>mbeadh cead ag daoine eile seachas na Gaeil a dtuairim a rá, má tá Gaeilge
>agus Béarla acu, cibé ar bith áit a bhfuil siad ina gcónaí?
Ar ndóigh, tá cead ag gach duine a thuairim a nochtadh
faoi chuile rud. Mar shampla, tá cead agamsa a rá gur
'Indreic' an t-ainm a bheidh air Indrek feasta - ach ní athródh
ráiteas mar sin uaim a ainm. Mar an gcéanna, dá mbeadh
gach ainbhiosán idir Maine agus California ar aon fhocal
gurb é 'Gaelic' ainm Béarla na teanga seo ina bhfuilim ag
scríobh, ní athródh a gcuid aineolais, dá líonmhaire iad, ainm
na teanga. Ní athródh mar ní ceist shuibiachtúil atá i gceist
ach ceist oibiachtúil. Anseo ar mo sheilfeanna leabhar
feicim leithéidí 'A Gaelic Grammar' le George Calder; 'The
Illustrated Gaelic-English Dictionary' le Edward Dwelly; 'The
New English-Gaelic Dictionary' le Derick Thomson; 'The
Modern Gaelic-English Dictionary' le Robert Owen; agus 'The
Gaelic Terminology Database' a d'fhoilsigh na daoine lácha
thall sa Sabhal Mòr Ostaig. Ní leis an teanga ina bhfuilim ag
scríobh a bhaineann na saothair úd áfach, ach le teanga eile
a labhartar in Albain. Ní fiú tráithnín iad na tuairimí i
gcomórtas le fíric lom mar sin.
Scríobh Brendan Dalton:
>Ar mhaithe le cruinneas, níl dul as agat ach a rádh leofa "NÓ!
>Aidhmín Aghaidhris Gaedhlic.", nó tagairt éiginnteach ar a
>laghad a dhéanamh do "Gaelic".
Ar mhaithe le cruinneas, níl aon dul as agat ach a rá leo
'No! Gaelic is spoken in Scotland. The related language
spoken in Ireland is Irish'. Mura nglacann siad leis sin,
mínigh dóibh go foighdeach gur Éireannach thú, go bhfuil
an Ghaeilge ar do thoil agat, agus go bhfuil cur amach nach
beag agat ar an mBéarla freisin. Agus mura gcreideann siad
thú go fóill, abair 'F**k off you ignorant Y**k** s**ts!' nó rud
éigin den tsórt leo. Beidh sé ag dul dóibh.
Vincent Morley
|